An Ghaoth in Éirinn

Is
féidir le fachtóirí éagsúla tionchar
a bheith acu ar an ngaoth i suíomh ar leith amhail tógáil
foirgneamh nó crann, cineál an tír-raoin agus sraonadh ó shléibhte
nó ó chnoic mháguaird. Mar shampla, tarlaíonn
an mhinicíocht íseal de ghaotha aneas ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath toisc go dtugann na sléibhte fothain don deisceart. An
gnáththreo gaoithe ná idir theas agus thiar. Bíonn
na meánluasanna gaoithe sa raon 7 m.s.u. in áiteanna i
Laighean Theas agus os cionn 18 m.s.u. sa tuaisceart. Ar an meán
tá níos lú ná 2 lá le gálaí gach
bliain in áiteanna áirithe intíre amhail Cill Chainnigh
ach tá breis agus 50 sa bhliain ann in áiteanna ar an
gcósta thuaidh amhail Cionn Mhálanna. Go deimhin, tá cósta
thuaidh agus thiar na hÉireann i measc na n-áiteanna is
gaofaire san Eoraip agus tá roinnt mhaith poitéinsil acu
fuinneamh gaoithe a ghiniúint.
Tomhas Gaoithe
Ó ré an Aimiréil Sior Francis Beaufort (1774-1857),
a chruthaigh scála Beaufort chun fórsa na gaoithe a thomhas,
baineadh feidhm as an muirmhíle (míle muirí san
uair) mar aonad luas na gaoithe. De réir an chleachtais mheitéareolaíochta
nua-aimseartha, ámh, úsáidtear méadair sa
tsoicind (1 mheádar sa tsoicind = 1.94 muirmhíle
= 2.24 míle san uair).
Stoirmeacha Suntasacha

Meastar
gur tharla níos mó damáiste forleathan in Éirinn
ar "Oíche na Gaoithe Móire" a tharla ar an 6-7
Eanáir 1839 ná mar a tharla de bharr aon stoirme eile le
cúpla céad bliain anuas. Shroich gaotha fórsa hairicín
agus rinneadh damáiste do idir cúigiú agus ceathrú de
na tithe go léir i mBaile Átha Cliath, idir fhuinneoga
briste agus scriosadh iomlán. Thosaigh an bhliain 1974 le tréimhse
thar a bheith stoirmeach, agus bhí luas na gaoithe níos
gasta in áiteanna ar oíche 11-12 Eanáir ná mar
a bhí riamh cheana. Leagadh crainn, rinneadh damáiste d’fhoirgnimh
agus cuireadh isteach ar sholáthar leictreachais chuig 150,000
teach. Le linn na stoirme seo taifeadadh séideán gaoithe
124 m.s.u. ag Cill Chaoil i gContae an Dúin – a bhí ar
an luas gaoithe ag leibhéal na farraige is airde a taifeadadh
riamh in Éirinn.
TREO NA GAOITHE (céatadán mhinicíocht threo na gaoithe)
Uimhir chiorclaithe =%CEANNSAITHE
SCÁLA BEAUFORT D’FHÓRSA NA GAOITHE
| |
Fórsa
na Gaoithe |
|
Cur Síos Achomair |
|
Sonraíochtaí d’úsáid
ar talamh |
|
Luas Gaoithe ag 10 méadar
os cionn Leibhéal na Talún |
| |
|
|
|
|
|
|
Muirmhílte |
Méadair
sa tsoicind |
KM san uair |
| |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
| |
0 |
|
Ciúin |
|
Éiríonn
gal go hingearach |
|
<1 |
<0.3 |
<1 |
| |
1 |
|
Aer éadrom |
|
Taispeánann
gal treo na gaoithe ach ní thaispeánann
eití treoracha gaoithe treo na gaoithe |
|
1-3 |
0.3-1.5 |
1-5 |
| |
2 |
|
Séideán éadrom |
|
Gaoth
le brath ar an aghaidh, duilleoga ag siosarnach, bogann
an ghaoth gnáth-eití treoracha gaoithe |
|
4-6 |
1.6-3.3 |
6-11 |
| |
3 |
|
Séideán
bog |
|
Duilleoga
agus craobhóga ag bogadh de shíor, síneann
an ghaoth brat éadrom |
|
7-10 |
3.4-5.4 |
12-19 |
| |
4 |
|
Séideán
measartha |
|
Ardaíonn
deannach agus páipéar scaoilte, bogtar
craobhacha beaga |
|
11-16 |
5.5-7.9 |
20-28 |
| |
5 |
|
Séideán
fionnuar |
|
Tosaíonn
crainn bheaga atá faoi dhuilliúr ag luascadh,
cruthaítear círíní toinne
ar uiscí intíre |
|
17-21 |
8.0-10.7 |
29-38 |
| |
6 |
|
Séideán
láidir |
|
Craobhacha
móra ag gluaiseacht, feadaíl le cloisteáil ó shreangáin
teileagraif, deacair scáth báistí a úsáid |
|
22-27 |
10.8-13.8 |
39-49 |
| |
7 |
|
Neas-ghála |
|
Crainn
iomlána ag gluaiseacht, deacair siúl i
gcoinne na gaoithe |
|
28-33 |
13.9-17.1 |
50-61 |
| |
8 |
|
Gála |
|
Briseann
craobhóga de na crainn, tríd is tríd
an-deacair siúl i gcoinne na gaoithe |
|
34-40 |
17.2-20.7 |
62-74 |
| |
9 |
|
Gála
láidir |
|
Roinnt
damáiste struchtúrach déanta (crocaí simléir
agus sclátaí bainte) |
|
41-47 |
20.8-24.4 |
75-88 |
| |
10 |
|
Stoirm |
|
Is
annamh a tharlaíonn seo intíre, crainn
bainte ó fhréamh, damáiste suntasach
struchtúrach |
|
48-55 |
24.5-28.4 |
89-102 |
| |
11 |
|
Stoirm
fhíochmhar |
|
Is
annamh a tharlaíonn seo, de ghnáth bíonn
damáiste forleathan ann dá bharr |
|
56-63 |
28.5-32.6 |
103-117 |
| |
12 |
|
Hairicín |
|
- |
|
64
agus os a chionn |
32.7
agus os a chionn |
117
agus os a chionn |
|