|
Cairteacha
![]() ![]() |
||
|
|
Taitneamh na Gréine in Éirinn Is iad Bealtaine agus Meitheamh na míonna is grianmhaire. Le linn na míonna seo leanann an ghrian ag taitneamh idir 5 agus 6.5 uair in aghaidh an lae don chuid is mó den tír. Sna limistéir is faide soir ó dheas faightear an chuid is mó gréine, 7 n-uaire ar an meán in aghaidh an lae ag tús an tsamhraidh. Mí na Nollag an mhí is múscraí le taitneamh na gréine, ar an meán, ag tarlú ar feadh 1 uair sa tuaisceart agus 2 uair, nach mór, sa limistéar is faide soir ó dheas. Le linn na bliana faigheann formhór na tíre idir 3 1/4 agus 3 3/4 uair an chloig gréine, ar an meán, gach lá . Taitneamh na Gréine a Thomhas
Déantar fad thaitneamh na gréine a mheas ar thaifeadán gréine Campbell-Stokes. Baineann an taifeadán seo úsáid as sféar gloine chun gathanna na gréine a dhó ar phíosa cuartha cárta taobh thiar de. Déanann uirlis níos casta na méideanna iarbhír fuinnimh ón ngrian a thomhas – tugtar grianmhéadar air seo. Baintear feidhm as tomhais radaíochta gréine i gcúrsaí talmhaíochta agus i dtionscadail fuinnimh ghréine.
Taitneamh na Gréine agus Scamallacht Faigheann Éire idir 1400 agus 1700 uair gréine gach bliain. Faigheann oirthear an Sahára, an áit is grianmhaire ar domhan, 4300 uair gréine gach bliain. Bíonn spéir na hÉireann clúdaithe go hiomlán le scamaill go maith os cionn caoga faoin gcéad den am. Seo de bharr ár suímh gheografaigh in iarthuaisceart na hEorpa, gar do chonair chórais lagbhrú an Atlantaigh a choinníonn aershreabha bogthaise scamallacha ag gluaiseacht thar an tír don chuid is mó den am. Ba é samhradh 1887an samhradh ba ghrianmhaire sna 100 bliain ó 1881go 1980, de réir na dtomhas a rinneadh i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Ba é samhradh 1980 an samhradh ba mhúscraí. Difríocht mhór a bhí eatarthu – bhí 1887 dhá uair níos grianmhaire ná 1980. |
|
Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247 © Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice. |
|