|
|
Báisteach Báisteach in Éirinn - Download 'Report on Rainfall of November 2009' [PDF] Report Faigheann formhór oirthear na hÉireann idir 750 agus 1000 milliméadar (mm) báistí sa bhliain. Is ionann an meánmhéid báistí san iarthar agus idir 1000 agus 1250 mm. I roinnt mhaith de na ceantair shléibhtiúla sáraíonn an méid báistí 2000mm sa bhliain. Is í an tréimhse idir Nollaig agus Eanáir an tréimhse is fliche i bhformhór na tíre. Tríd is tríd, bíonn mí Aibreáin ar an mhí is tirime ar fud na tíre. I roinnt mhaith áiteanna sa deisceart, ámh, bíonn mí an Mheithimh ar an mhí is tirime. Is beag a chuireann cloichshneachta nó sneachta leis an bhfrasaíocht a tomhaistear.
Bailítear méideanna báistí i dtomhsaire caighdeánach, ina bhfuil tonnadóir agus gabhdán. Déanann 15 stáisiún de chuid na Seirbhíse Meitéareolaíochta ar fud na tíre na méideanna báistí seo a thomhas gach uair an chloig. Déanann formhór na 750 stáisiún báistí ar fud na tíre a dtomhsairí a léamh uair amháin gach lá, ámh. Ní thugtar cuairt ach uair sa mhí ar chúpla tomhsaire i suíomhanna sléibhtiúla iargúlta. Taifid Bháistí
Cé chomh minic is a bhíonn sé ag cur báistí? Ceaptar tríd is tríd go mbíonn sé ag cur báistí roinnt mhaith den am in Éirinn, ach déanta na fírinne ní bhíonn aon bháisteach intomhaiste in dhá cheann as gach trí bhreathnadóireacht bháistí. Bíonn an meánlíon laethanta fliucha (laethanta le níos mó ná 1mm báistí) sa raon 150 lá sa bhliain feadh na gcóstaí thoir agus thoir theas, agus 225 lá sa bhliain in áiteanna san iarthar. Cé chomh trom is atá an Bháisteach? Neamhchosúil le roinnt mhaith tíortha eile, go háirithe sa Teochrios, bíonn meánmhéideana báistí in aghaidh na huaire in Éirinn cuíosach íseal, sa raon 1 go 2mm. Gan amhras, is féidir le rátaí gearrthéarmacha a bheith i bhfad níos airde, mar shampla, níl iomlán san uair de 10mm neamhchoitianta agus is féidir bheith ag súil go dtarlódh idir 15 agus 20mm in aghaidh na huaire uair amháin gach 5 bliana. Is annamh a sháraíonn iomláin in aghaidh na huaire 25mm sa tír seo agus i gcás go dtarlaíonn siad baineann siad d’fhormhór le stoirmeacha toirní. Tá tuairiscí clíomeolaíochta stairiúla
ar fáil ar an leathanach
Foilseacháin Inmheánacha. |
Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247 © Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice. |
|