|
Réamhaisnéis Aeráide

Cuireadh ar bun an tionscadal C4I (The Community Climate Change Consortium
for Ireland) sa bhliain 2003, agus tá sé lonnaithe i gceanncheathrú Met Éireann,
Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, i
mBaile Átha Cliath. An príomhchuspóir atá ag
an tionscadal seo ná comhdhlúthú agus daingniú a
dhéanamh ar an taighde náisiúnta atá á dhéanamh
ar athrú aeráide, agus é seo a bhaint amach ach
inniúlacht a chruthú le gur féidir samhaltú a
dhéanamh ar aeráid réigiúnach na hÉireann
agus cúnamh a sholáthar d’eolaithe Éireannacha
a bhaineann úsáid as na torthaí ó shamhaltú aeráide
don anailís a dhéanann siad. Cuireadh i gcrích an
maoiniú seachtrach don tionscadal ag deireadh 2007. Táthar
fós i mbun obair samhaltaithe aeráide i Met Éireann, ámh,
agus tá sé ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí na
heagraíochta.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le réamhaisnéis aeráide
téigh chuig www.c4i.ie
|