| Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

RINN
AN RÓISTIGH
Suíomh:
51°46'N
08°15'W
41.4M os cionn leibhéal na farraige
Tá Rinn an Róistigh suite ar chúinne thoir theas Chuan Chorcaí.
I mí Aibreáin 1937, bhí Rinn an Róistigh ar cheann
de cheithre stáisiún theileagrafacha ar ghlac Met Éireann
freagracht astu ó Chumann Meitéareolaíochta na Breataine.
Ansin ar an 1 Eanáir 1940, rinneadh stáisiún lánsionoptach
de Rinn an Róistigh. Ar an láthair bhí ionstraimí amhail
baraiméadar mearcair, taifeadán gréine Campbell-Stokes,
ainéimiméadar brúfheadáin dines srl. Ar an 28 Feabhra
1991 d’imigh an stáisiún seo as feidhm mar stáisiún
lánaimseartha sionoptach agus i mí Iúil 1991 suiteáladh
Ainéimiméadar Rothlach Vaisala in áit an ainéimiméadair
Dines agus suiteáladh stáisiún uathoibríoch Vaisala
Milos.
Foircinn a taifeadadh ag Stáisiún Meitéareolaíochta
Met Éireann:
| Teocht Aeir is Airde |
28.0 céim Celsius ar an 3 Lúnasa 1995 |
| Teocht Aeir is Ísle |
-7.2 céim Celsius ar an 13 Eanáir 1987 |
| Uasmhéid Gréine Laethúil |
15.8 uair gréine ar an 13 Meitheamh 1988 |
|