| Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

CILL
CHAINNIGH
Suíomh:
52°39'55" N
7°16'10"W
66M os cionn leibhéal na farraige
Tá Stáisiún Chill Chainnigh suite i nGleann na Feoire, tuairim
is 2 Km thiar thuaidh ó Lár Bhaile Chill Chainnigh, ar Bhóthar
Duningstown. Ó thaobh na haimsire de is sampla maith an suíomh
seo de ghleannta na n-abhann leathan sa réigiún .i. le teochtaí ísle
ar oícheanta gan scamaill.
Stair:
D’oscail an stáisiún i mí Bealtaine 1957 agus rinneadh
an chéad bhreathnadóireacht ag 0900 GMT ar an 31 Bealtaine. Tá suntas
ar leith ag baint leis an stáisiún seo sa mhéid go dtaifeadtar
ann roinnt de na teochtaí is ísle sa gheimhreadh agus is airde
sa samhradh in Éirinn.
Teochtaí foircneacha a taifeadadh ag Stáisiún Meitéareolaíochta
Chill Chainnigh:
| Teocht Aeir is Airde |
31.5 céim Celsius ar an 29 Meitheamh 1976 |
| Teocht Aeir is Ísle |
-14.1 céim Celsius ar an 2 Eanáir 1979 |
| Teocht is Ísle ar Talamh |
-18.1 céim Celsius ar an 12 Eanáir 1982 |
Ba ag Caisleán Chill Chainnigh a taifeadadh an teocht aeir is
airde riamh in Éirinn (33.3 céim Celsius) ar an 26
Meitheamh 1887.
B’ionann an t-uasmhéid báistí in aon lá amháin
agus 66.4 mm, ar an 17 Iúil 1983 ag stáisiún Chill Chainnigh.
Ba é 77 muirmhíle luas an tséideáin ghaoithe ba mhó (ag
teacht aniar aneas .i. 200 céim), agus taifeadadh seo ar an 12 Eanáir
1974.
B’ionann an t-uasfhad gréine in aon lá amháin agus
16.3 uair ar an 18 Meitheamh 1978.
Ba é Lúnasa 1995 an mhí ba theo agus ba ghrianmhaire ar
taifead i gCill Chainnigh le 274.9 uair de thaitneamh na gréine agus teochtaí arda
tríd síos. 30.8 céim Celsius an teocht ab airde a taifeadadh,
a tharla ar an 2 Lúnasa1995.
|