|
met.ie The Irish Meteorological Service Online |
| |
|||
|
|
Réadlann Dhairbhre Is
cuid de Met Éireann, Seirbhís Meitéareolaíochta
na hÉireann, í Réadlann Dhairbhre. Tá sí suite
ciliméadair amháin ó Chathair Saidhbhín, ar
inbhear abhainn Feartha. Déanann an Réadlann tomhais mheitéareolaíochta
aimsire dhromchla agus aeir íochtaraigh, chomh maith le raon gníomhaíochtaí eolaíochta
eile – ina measc monatóireacht ózóin, geomaighnéadaigh,
seismeolaíocht, radaíocht na gréine agus monatóireacht
ar an gcomhshaol. Tugtar Réadlann Dhairbhre
ar an réadlann mar gurbh ar Oileán Dhairbhre a bunaíodh í.
Tugadh Teach Westwood ar phríomhfhoirgneamh na Réadlainne agus thóg an Captaen Needham é sa bhliain 1866. Ba é Needham ionadaí áitiúil Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa cheantar agus bhí sealúchais mhóra talún ag an gColáiste sa limistéar seo. Lean Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ag soláthar foirne don Réadlann go dtí mí na Nollag 1936 nuair a cuireadh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann ar bun. Reáchtáil Oifig Meitéareolaíochta na Breataine an Réadlann do Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann ar bhonn gníomhaireachta go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 1937, nuair a oileadh foireann don tseirbhís nua. Aistríodh roinnt mhaith den fhoireann a bhí fostaithe ag Oifig Meitéareolaíochta an Breataine chuig Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann.
Cuireadh deireadh le breathnadóireacht láimhe ag an stáisiún aimsire i Réadlann Dhairbhre ar an 1ú Aibreán 2012. Tá stáisiún uathoibríoch lonnaithe san ionad céanna ón 2ú Aibreán 2012 |
||
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |