|
met.ie The Irish Meteorological Service Online |
|
|
Rannóga Met Éireann Déanann an Rannóg fós déileáil le hiarratais ar thuarascálacha maidir le gnéithe meitéareolaíochta a bhaineann le cúrsaí árachais nó dlí agus cuireann finné saineolach ar fáil d’éisteachtaí cúirte. Oibríonn foireann ardcháilithe ar fud na hÉireann d’fhonn na sonraí aimsire is déanaí agus is beaichte a thiomsú, a phróiseáil agus a chur ar fáil. Tá sonraí meitéareolaíochta ar fáil i bhformáid éagsúla, ag brath ar riachtanais an chustaiméara; tá tuarascálacha scríofa ar fáil i gcomhair cúrsaí dlí agus árachais. Cuireann an Rannóg seo foilseacháin éagsúla eile ar fáil, amhail Feasacháin Aimsire Mhíosúla. Sna Feasacháin seo tá cur síos achomair ar aimsir na míosa mar theaglaim de ghraif, de tháblaí agus de théacs, agus uaireanta luaitear sainábhar. Ceann na Rannóige: Séamus Walsh
|
||
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |