| Rannóga Met Éireann

An Rannán Seirbhísí Gnó
Tá an Rannán Seirbhísí Gnó freagrach as feidhmeanna riaracháin agus gnó Met Éireann, lena n-áirítear airgeadas, buiséadú, pearsanra, cóiríocht, traenáil agus nithe eile, mar shampla idirchaidreamh leis na hAonaid Phearsanra agus Airgeadais sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, le Ranna Rialtais eile agus le roinnt eagraíochtaí Idirnáisiúnta. Tá an Rannán freagrach as comhordú a dhéanamh ar phleanáil straitéiseach agus gnó laistigh den eagraíocht agus as feidhmeana nua corparáideacha a chur i bhfeidhm de réir ár spriocanna straitéiseacha.
Airítear freisin i measc fheidhmeanna an Rannáin faisnéis aimsire agus chlíomeolaíochta a chur ar fáil trí sheirbhísí meáin dhigiteacha, Córas Bainistithe Cáilíochta ar fud na seirbhíse a chur i bhfeidhm, agus caidrimh a chothú le comhpháirtithe agus le heagraíochtaí maoiniúcháin, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.
Frank Gallagher, Ceann an Rannáin
|