|
|
Míniú ar Chóras Rabhaidh Aimsire Met ÉireannAn fheidhm is tábhachtaí ag Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta ná Rabhaidh Aimsire a eisiúint agus tá sé ag croílár na sraithe Seirbhísí Aimsire Poiblí a chuireann Met Éireann ar fáil don phobal. An bhunchúis le Rabhaidh Aimsire a eisiúint ná daoine agus slite beatha a chosaint, agus maolú a dhéanamh ar aon damáiste do mhaoin agus ar chur isteach ar ghníomhaíocht eacnamaíochta tráthanna a dtarlaíonn fíor-dhrochaimsir. Le fiche bliain anuas tá an fhealsúnacht is bun le go n-eiseodh Seirbhísí Náisiúnta Meitéareolaíochta Rabhaidh Aimsire tar éis forbairt go suntasach. Ar bhonn idirnáisiúnta, rinneadh a lán taighde ar éifeachtaí na haimsire crua, agus tá fócas níos mó anois ar “thionchair” na haimsire sin seachas ar theirce staitistiúil mheitéareolaíochta na dtarluithe iad féin. Mar sin, féadfaidh tráth agus suíomh tharlú na haimsire crua éifeacht a bheith aige ar thionchar na haimsire sin ar an bpobal nó ar an ngeilleagar. Forbairt idirnáisiúnta eile a bhfuil suntas ag baint leis ná an córas MeteoAlarm, (féach www.meteoalarm.eu) mar a ndéantar comhordú níos fearr ar rabhaidh ar fud na hEorpa agus ar chomhleanúnachas na rabhadh thar theorainneacha náisiúnta. Mar thoradh air sin glacadh le creat agus téarmaíocht choiteann Eorpach do chur i láthair na Rabhadh Aimsire, agus chun ailíniú a dhéanamh ar na Córais Rabhaidh Aimsire náisiúnta le creat idirnáisiúnta MeteoAlarm i gcás gur féidir é. Ar bhonn náisiúnta, tugadh struchtúr agus foirmiúlacht do leithdháileadh freagrachtaí do Fhreagra Éigeandála, trí fhorbairt an Mhórchreata Bainistíochta Éigeandála agus ainmniú na nÚdarás Áitiúil, FSS agus An Garda Síochána mar “Príomhghníomhaireachtaí Freagartha” (PGF) i ndáil le héigeandálaí (a bhformhór mór a bhíonn ina dtoradh ar aimsire chrua). Mar fhreagra ar na forbairtí seo, tugadh chun dáta an córas Rabhaidh Aimsire atá ag Met Éireann agus rinneadh é a ailíniú leis an gcleachtas is fearr san Eoraip agus le MeteoAlarm. Conas a dhéantar catagóiriú ar Rabhaidh Aimsire?Cuirtear Rabhaidh Aimsire i láthair i dtrí chatagóir:
Cad iad na coinníollacha aimsire a dtugtar rabhadh ina leith?Clúdaítear i gcóras rabhaidh aimsire Met Éireann guaiseacha ag eascairt ó na cineálacha éagsúla aimsire seo a leanas:
Clúdaíonn an córas freisin rabhaidh maidir leis na feiniméin seo a leanas atá bainteach leis an aimsir (iad seo go léir sa chatagóir Rabhaidh Aimsire – BUÍ amháin)
Cathain a eiseofar Rabhaidh/Foláirimh Aimsire?Eiseofar Foláirimh agus Rabhaidh Aimsire i gcás go bhfuiltear ag súil laistigh de thréimhse 48 uair an chloig le coinníollacha aimsire a shásóidh na tairseacha atá sonraithe thíos. Beidh ar na réamhaisnéiseoir a b(h)reithiúnas a úsáid chun déine na gcoinníollacha aimsire a mheas maille leis an dóchúlacht go dtarlóidh siad. Cibé scéal é, i roinnt cásanna (deireadh seachtaine, tréimhsí saoire) seans go mbeidh gá Rabhaidh Aimsire a eisiúint thar an tréimhse 48 uair an chloig, i gcás go bhfuil éiginnteacht ann ó scrúdú a dhéanamh ar chairteacha aimsire. De ghnáth, ámh, bainfear úsáid as Feasacháin Aimsire (féach thíos) chun foláireamh maidir le haimsire chrua a thabhairt do thréimhsí níos sia ná 48 uair an chloig agus de ghnáth tiocfaidh Feasacháin roimh chritéir “Oráiste” nó “Dearg” amháin do ghuaiseacha áirithe aimsire. I bhfianaise go ndíreodh an tseirbhís Rabhaidh Aimsire ar na “Tionchair” a d’fhéadfadh a bheith ag an aimsir seachas luachanna uimhriúla faighte ó eilimintí aimsire iad féin, seans go mbeadh gá ó am go chéile rabhaidh a eisiúint ag leibhéal níos airde ná na leibhéil a bheadh ag gabháil leis na heilimintí áirithe aimsire sin. Sampla de seo ná báisteach throm nach mbeadh ag teacht go docht leis na critéir don “Rabhadh Oráiste” ach a bhféadfadh tuilte eascairt as ar thalamh atá sáithithe cheana féin, nó toisc go mbeadh báisteach, gaoth agus taoide ard ag teacht le chéile ar shuíomh ar an gcósta. Feasacháin AimsireFéadtar Feasacháin Aimsire a eisiúint chun eolas luath a thabhairt faoi aimsir a d’fhéadfadh bheith dainséarach thar thréimhse 48 uair. D’fhéadfaí iad a úsáid freisin i gcás go bhfuil an teaglaim d’eilimintí ag tarlú lena chéile chun guais shuntasach a chruthú, e.g. gaotha nach mbeadh ag na láidreachtaí a chúiseodh rabhadh ach dá dtarlóidís i gcomhthráth le taoidí arda agus suaillí móra, d’fhéadfaí riosca mór tuilte a bheith ann. Úsáid eile ná eolas a sholáthar faoi luas agus treo na gaoithe i gcás éillithe ó Luaithreamhán Bolcánach. D’fhéadfaí úsáid a bhaint astu freisin i gcás go bhfuil carnadh suntasach meántéarma de bháisteach tuartha le linn tréimhse drochaimsire i gcás gur dócha go mbeidh ithreacha sáithithe. Is iad réamhaisnéireoirí Met Éireann a dhéanfaidh an cinneadh i gcónaí faoi Rabhaidh Aimsire agus Feasacháin Aimsire. Critéir do Rabhaidh AimsireSa tábla thíos tá na critéir leagtha amach do na leibhéil éagsúla rabhaidh (Buí, Oráiste, Dearg) agus na heilimintí éagsúla aimsire (Báisteach, Gaoth etc.). Seo thíos na catagóirí d’Aimsir Chrua atá cuimsithe sa Chóras Rabhaidh Náisiúnta Aimsire:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247 © Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice. |
|