Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online met.ie
The Irish Meteorological Service Online
  Baile - An tAonad Muirí - Réamhaisnéis Muirí

 

An tAonad Muirí

RÉAMHAISNÉIS MUIRÍ
Samhlacha Toinne
Bíonn na réamhaisnéiseoirí san oifig réamhaisnéise de shíor ag uasghrádú na samhla toinne agus cruthaítear staitisticí fíorúcháin go rialta. Déantar táirgí speisialaithe a fhorbairt ó na samhlacha toinne do chustaiméirí muirí. 

Tugtar Samhail Toinne WAM ar an tsamhail toinne a úsáideann Met Éireann. Grúpa idirnáisiúnta de shamhaltóirí toinne a rinne forbairt ar an tsamhail WAM tríú glúin sna 1980dí (Dynamics and modelling of ocean waves - Komen et al., 1994). Tá samhail réigiúnach WAM na hÉireann neadaithe sa tsamhail dhomhanda Eorpach ag an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF). Déanann an tsamhail réigiúnach speictream fuinnimh toinne a ríomh thar 30 minicíocht agus 24 treo le spásáil ghreille de 0.25 céim. I measc na dtorthaí ón tsamhail toinne tá réamhaisnéis gach uair an chloig maidir le hairde shuntasach toinne agus treo, meán-tonntréimhse, buaicré, airde shuntasach, treo agus meántréimhse a bheadh ag suaill phríomhúil agus ag tonnta farraige/gaoithe; agus torthaí gach 6 huaire an chloig maidir leis an speictream fuinnimh toinne. Is féidir réamhaisnéis a thabhairt maidir le tonnta suas le 2 lá roimh ré leis an tsamhail Éireannach agus suas le 6 lá roimh ré leis an tsamhail dhomhanda Eorpach.


 

MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247
© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services