| An tAonad Muirí

RÉAMHAISNÉIS MUIRÍ
Samhlacha Toinne Bíonn na réamhaisnéiseoirí san
oifig réamhaisnéise de shíor ag uasghrádú na
samhla toinne agus cruthaítear staitisticí fíorúcháin
go rialta. Déantar táirgí speisialaithe a fhorbairt ó na
samhlacha toinne do chustaiméirí muirí.
Tugtar Samhail Toinne WAM ar an tsamhail toinne a úsáideann
Met Éireann. Grúpa idirnáisiúnta de shamhaltóirí toinne
a rinne forbairt ar an tsamhail WAM tríú glúin sna
1980dí (Dynamics and modelling of ocean waves - Komen et al., 1994).
Tá samhail réigiúnach WAM na hÉireann neadaithe
sa tsamhail dhomhanda Eorpach ag an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire
Meánraoin (ECMWF). Déanann an tsamhail réigiúnach
speictream fuinnimh toinne a ríomh thar 30 minicíocht agus
24 treo le spásáil ghreille de 0.25 céim. I measc
na dtorthaí ón tsamhail toinne tá réamhaisnéis
gach uair an chloig maidir le hairde shuntasach toinne agus treo, meán-tonntréimhse,
buaicré, airde shuntasach, treo agus meántréimhse
a bheadh ag suaill phríomhúil agus ag tonnta farraige/gaoithe;
agus torthaí gach 6 huaire an chloig maidir leis an speictream fuinnimh
toinne. Is féidir réamhaisnéis a thabhairt maidir
le tonnta suas le 2 lá roimh ré leis an tsamhail Éireannach
agus suas le 6 lá roimh ré leis an tsamhail dhomhanda Eorpach.
|