Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Tuesday, 28 March 2017
  
MIST
4 Celsius
E Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Tuairiscí is Déanaí - Teifeagram Réadlann Dhairbhre

 

Teifeagram Réadlann Dhairbhre


Valentia Observatory Tephigram

Nótaí maidir leis an Teifeagram

Is éard is teifeagram ann ná léiriú grafach ar bhreathnadóireachtaí brú, teochta agus taise a dhéantar trí shondáil ingearach a dhéanamh ar an atmaisféar. Déantar sondálacha ingearacha ach úsáid a bhaint as uirlis ar a dtugtar raidió sondála, ina bhfuil braiteoirí brú, teochta agus taise agus a sheoltar isteach san atmaisféar ceangailte de bhalún.

Tá sraith línte bunúsacha i dteifeagram a úsáidtear chun cur síos ar phróisis éagsúla san atmaisféar. Áirítear i measc na línte sin:

Iseabair  - línte brúthairisceacha
Isiteirmeacha  - línte teocht-tairisceacha
Aidiabatacha Tirime  - ag baint le próisis aidiabatacha tirime (poitéinseal teocht tairiseach)
Aidiabatacha Sáithithe – a bhaineann le próisis aidiabatacha sáithithe (poitéinseal bhleib fhliuch teocht tairiseach).


Tá dhá chineál eolais léirithe ar an teifeagram:

Na cuair chomhshaoil (gorm) a chuireann síos ar struchtúr an atmaisféir

Na cuair phróiseas (dearg) a chuireann síos ar a dtarlaíonn do dháileacht aeir a bhfuil próiseas áirithe ag tarlú dó. (mar shampla, próiseas aidiabatach).

Chomh maith leis sin, taispeántar ar thaobh na láimhe deise treo agus luas na gaoithe agus airdí ag leibhéil chaighdeánacha. Baintear leas as saighead gaoithe chun gaoth a léiriú agus bíonn ceann na saighde ag pointeáil sa treo ina bhfuil an ghaoth ag gluaiseacht agus léirítear láidreacht na gaoithe leis na cleití ar an tsaighead - is ionann cleite fada agus 10 muirmhíle san uair, agus is ionann cleite gear agus 50 muirmhíle san uair. Suimigh na cleití chun luas na gaoithe a fháil.

Is féidir le réamhaisnéiseoirí úsáid a bhaint as teifeagraim chun na críocha seo a leanas:

-an méid taise san atmaisféar a mheas
- airde na scamall
- gníomhaíocht chomhiomprach an atmaisféir a thuar
- réamhaisnéis a thabhairt maidir le teochtaí uasta agus íosta
- réamhaisnéis a thabhairt maidir le foirmiú ceo agus glanadh ceo

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO