|
|
Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta Cumarsáid – An Réamhaisnéis Aimsire * RAIDIÓ Is é an chéim dheireanach ná eolas na réamhaisnéise
a chur in iúl don úsáideoir deiridh. Corruair, is
próiseas simplí é seo, mar shampla, b’fhéidir
nach mbeidh de dhíth ar an úsáideoir ach an uasteocht
ionchais ar lá áirithe, nó an ghaoth ag am agus áit áirithe,
nó dealraitheacht báistí sna laethanta atá le
teacht. Is féidir le réamhaisnéisí na meán
a bheith níos dúshlánaí áfach, nó beidh
réimse leathan de bhreathnóirí agus éisteoirí,
lena suim agus riachtanais féin ag gach duine acu. Mar sin, caithfidh
réamhaisnéis do na meáin, go háirithe ar
an raidió nó ar an teilifís, raon leathan eolais
a chur trasna, ach caithfear seo a dhéanamh ar bhealach loighciúil
intuigthe éasca, ar féidir le lucht féachana/éisteachta
a leanúint go héasca agus cuimhneamh air. Soláthraíonn Met Éireann seirbhís an-luachmhar. Is é an aidhm a bhíonn aige de shíor ná réamhaisnéisí aimsire ardchaighdeáin a sholáthar, chomh maith le seirbhísí bainteacha, leis an uasmhéid éifeachtachta agus luach ar airgead. Is de bharr cumarsáid nua-aimseartha, ar ndóigh, ar féidir leis seo a dhéanamh. RAIDIÓ TEILIFÍS Ullmhú agus cur i láthair beo réamhaisnéis aimsire na hÉireann ar theilifís RTÉ1. Réamhaisnéis aimsire na hEorpa a thabhairt agus scripteanna agus grafaicí a ullmhú do Réamhaisnéiseoirí aimsire RTÉ leis na réamhaisnéisí a chur i láthair. Chun an réamhaisnéis aimsire a ullmhú agus a chur i láthair ar RTÉ 1, déantar an obair seo a leanas. Bíonn ag an réamhaisnéiseoir teilifíse cuid mhór den eolas atá ar fáil ag an réamhaisnéiseoir sa Lároifig Anailíse agus Réamhaisnéisithe (LAR), lena n-áirítear íomhánna satailíte agus RADAR, breacthaí breathnadóireachta in aghaidh na huaire agus táirgí samhail réamhaisnéisithe ó shamhail ECMWF, RA agus HIRLAM. Ag baint úsáide as iad seo, dearbhaíonn an réamhaisnéiseoir an cineál aimsire a bheidh ann. Faigheann sé/sí treoir ón réamhaisnéis réigiúnach a eisíonn an réamhaisnéiseoir ar dualgas ag LAr. Téann an réamhaisnéiseoir teilifíse i dteagmháil le LAR chun an réamhaisnéis a phlé, aon éagsúlacht tuairime a réiteach agus cinnte a dhéanamh go bhfuil na réamhaisnéisí don raidió agus don teilifís ag teacht lena chéile. Uair amháin a shocraítear an réamhaisnéis, ullmhaíonn an réamhaisnéiseoir teilifíse na grafaicí ag úsáid an chórais ghrafaicí ULTRA, chun cabhrú leis an réamhaisnéis a chur trasna ar an teilifís. Is féidir leis/léi script a ullmhú chomh maith. Tá na grafaicí déanta suas de theaglaim d’íomhánna satailíte agus RADAR, cairteacha aimsire sionoptacha le frontaí agus córais bhrú, cairteacha breise le siombailí do scamaill, theochtaí, ghaotha srl., agus cairt achomair. Bíonn na cairteacha grafacha iseichimh loighciúla ar amlíne atá ceangailte leis an gcóras ceamara in RTÉ. Téann an réamhaisnéiseoir go dtí an stiúideo roimh gach réamhaisnéis aimsire agus déanann sé/sí gach rud a ullmhú don chraoladh. I gceist leis seo tá suiteáil an cheamara, an micreafón agus an leibhéal gutha a shocrú agus téann sé/sí i dteagmháil leis an Rialtóir Cur I Láthair in RTÉ chun a chinntiú go bhfuil gach rud i gceart. Chomh maith le réamhaisnéis aimsire na hÉireann a ullmhú agus a chur i láthair, tugann an réamhaisnéiseoir réamhaisnéis aimsire ar fud na hEorpa do na laethanta ag teacht. Ullmhaítear grafaicí agus scripteanna agus tugtar do láithreoir aimsire RTÉ iad, a úsáideann iad do réamhaisnéis aimsire na hEorpa ar RTÉ 2. Bíonn an réamhaisnéiseoir ar fáil ag nuacht RTÉ chomh maith le haghaidh agallaimh ar ócáidí aimsire faoi leith nó míreanna nuachta ina mbeidh saineolas meitéareolaíochta úsáideach.FÓN,
FACS AGUS RÍOMHPHOST
SUÍOMH
GRÉASÁIN PÁIPÉIR |
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |
|