|
|
An Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta An Chaoi a nDéantar Sonraí a Tharchur Sa chuid seo den suíomh gréasáin cuirtear síos ar na céimeanna chun an táirge deiridh - “réamhaisnéis na haimsire” - a chur ar fáil agus déantar athbhreithniú ar an bpróiseas sin. Ar dtús báire, bailítear sonraí faoin aimsir ón aer, ón talamh agus ón bhfarraige, seoltar tuairiscí do dtí Ceanncheathrú Met Éireann agus lucht Teicneolaíochta Faisnéise a ghlacann isteach na tuairiscí seo, sa Rannóg Breathnadóireachtaí agus ansin seoltar ar aghaidh iad chuig an Láraonad Anailíse agus Réamhaisnéise (LAR) áit a ndéantar an t-eolas a bhreacadh agus a anailísiú. Feidhmíonn an Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta go príomha tríd LAR, atá lonnaithe sa Cheanncheathrú i nGlas Naíon. Ar deireadh eisítear an réamhaisnéis chuig an bpobal tríd na meáin chumarsáide. Ceanncheathrú Met Éireann
|
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |
|