| An Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta

Bailiú Sonraí – Ón Spás
SATAILÍT
Satailít Shofheicthe
Déanann an íomhá satailíte sofheicthe seo solas na
gréine a thomhas a fhrithchaitheann dromchla an Domhain agus a fhrithchaitheann
scamaill. Frithchaitheann scamaill agus sneachta an-chuid solais agus tá siad
geal; Ionsúnn na haigéin beagnach an solas go léir a thagann
isteach iontu agus tá siad dorcha; tá frithchaiteacht inathraithe
nó albedos ag scamaill thanaí nó ísle, agus bíonn
siad liath – imireacha éagsúla den dath. Déanann an
tsatailít gheochobhsaí MSG an domhan a scanadh gach 15 nóim
agus tá an tsatailít sin suite os cionn an mheánchiorcail
ag 0 céim W. Bíonn íomhánna ar fáil uaidh
seo ag 1200 i rith na bliana ar fad, agus ag 0600 agus 1800 ón Earrach
go dtí an Fómhar. ÍOMHÁ Ó SHATAILÍT
SHOFHEICTHE
Íomhá Infridhearg
Déanann an tsatailít infridhearg teocht nó radantas na talún
agus na scamall a thomhas. Léiríonn dathanna éadroma teochtaí ísle
agus léiríonn dathanna dorcha teochtaí arda. Déanann
an tsatailít gheochobhsaí MSG an domhan a scanadh gach 15 nóim
agus tá an tsatailít sin suite os cionn an mheánchiorcail
ag 0 céim W. Bíonn íomhánna ar fáil anseo
ag 0000, 0600, 1200 agus 1800. ÍOMHÁ ÓN
TSATAILÍT INFRIDHEARG
RADAR
Radar
Faoi láthair tá radair atá ag feidhmiú ag Aerfoirt
na Sionainne agus Bhaile Átha Cliath agus tá ceann i mBéal
Feirste chomh maith. Seoltar amach bíoga leictreamaighnéadacha
a bhfuil tonnfhaid de 5.6cm acu agus déantar an t-am a thógann
sé orthu filleadh ar an radar a thomhas. Frithchaitheann an fhrasaíocht
iad. Cruthaítear comhphictiúr den fhrasaíocht os cionn na
hÉireann gach 15 nóiméad. ÍOMHÁ RADAIR
|