| An Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta

Bailiú Sonraí – Ón
Talamh
Breathnadóireachtaí ó Stáisiúin
Aimsire Met Éireann a thuairisciú.
Déanann Oifigeach Meitéareolaíochta na buntascanna teicniúla
sa tSeirbhís Meitéareolaíochta. I measc na ndualgas sin
tá breathnadóireachtaí aimsire, cúram agus cothabháil
na hionstraimíochta meitéareolaíochta agus áiseanna
cumarsáide, oibríochtaí ríomhaireachta agus ríomhchlárú.
Glactar léamh gach uair an chloig ag ár stáisiúin
aimsire uile (gach leath uair an chloig le haghaidh na stáisiún
eitlíochta). Treo agus luas na gaoithe, teochtaí tirimbholgáin
agus fliuchbholgáin óna ríomhtar bogthaise, brú agus
claonadh an atmaisféir, scamaill (méideanna, cineálacha
agus airde), feicseanacht, an aimsir láithreach agus an aimsir a bhí ann
le huair an chloig anuas agus an aimsir a bhí ann le trí huaire
anuas. Déantar na léamha a chódú agus a iontráil
ar Ríomhaire Pearsanta áit a ndéantar rialú cáilíochta
orthu sula ndéantar iad a tharchur trí mhóideim chuig Glas
Naíon i mBaile Átha Cliath.
Le linn an lae tá fostaithe i
mBiorra agus i gCill Chainnigh, ach san oíche oibríonn na stáisiúin
go huathoibríoch.
Tá na stáisiúin i Rinn an Róistigh agus san Aerchór
i bhFionnúir ina stáisiúin lánuathoibríocha.
Má roghnaíonn tú suíomh ar an léarscáil
nó an nasc ar an imeall is féidir leat amharc ar chur síos
achomair ar an suíomh sin.
|