|
|
Ról Oibríochtaí Ról Oibríochtaí LAR sa réamhaisnéis aimsire Feidhmíonn an Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta go príomha trí mheán na Lároifige Anailíse agus Réamhaisnéisithe (LAR) , atá lonnaithe sa Ceanncheathrú i nGlas Naíon. Tá sí nasctha le hoifig chleithiúnach réamhaisnéise i RTÉ, an stáisiún náisiúnta raidió agus teilifíse. Tá Oibríochtaí LAR comhdhéanta d’fhoireann d’Oifigigh Mheitéareolaíochta, d’Oifigigh Shinsearacha Mheitéareolaíochta agus de Mheitéareolaithe. A luaithe is a bhíonn na sonraí bunaidh próiseáilte ag an rannóg T.F.., seoltar iad ar aghaidh chuig foireann d’Oifigigh Mheitéareolaíochta laistigh d’Oibríochtaí LAR. Oibríonn siad 24 uair sa ló ar shealaíocht, lena chinntiú go ndéantar cairteacha a chur ar fáil i bhformáid úsáideach don úsáideoir. Gach uair an chloig, caithfear sraith nua de chairteacha uaire a chur i gcló, a thaifeadann breathnadóireachtaí ó gach cuid den tír agus den R.A. Cuireann gach stáisiún ar an léarscáil eolas ar taispeáint maidir leis na gnéithe seo a leanas: teocht, brú, claonadh brú, méid scamall, cineál scamall, drúchtphointe, teocht flichbholgáin, luas agus treo na gaoithe. Breactar an t-eolas seo ar chairteacha le haghaidh gach stáisiúin. Má tá tintreach agus toirneach mórthimpeall na hÉireann agus na R.A. déantar é seo a bhreacadh ar na cairteacha. Má fhágtar aon sonraí Éireannacha ar lár, téitear i dteagmháil leis an rannóg T.F. láithreach. I gcásanna áirithe, seans gur breacadh an t-eolas de láimh. Tugtar an chairt don réamhaisnéiseoir atá ar dualgas ansin agus déanann sé/sí anailís ar an gcairt.
A luaithe is atá an t-eolas riachtanach go léir inrochtana agus breactha, seoltar é ar aghaidh chuig Réamhaisnéiseoir LAR chun an aimsir a thuar. Eisítear réamhaisnéisí aimsire
dá réir.
Cuireann an fhoireann réamhaisnéiseoirí féin réamhaisnéisí Teilifíse
agus Raidió i láthair. A luaithe is a bhíonn na
réamhaisnéisí i gcrích seoltar iad ar ais chuig Oibríochtaí LAR
chun iad a sheoladh trí fhacs nó trí ríomhphost chuig
Gníomhaireachtaí Stáit agus custaiméirí. Ag
an gcéim seo déantar na réamhaisnéisí a
nuashonrú ar shuíomh gréasáin Met Éireann. |
|||
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |
|