| Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta
Cad iad na cineálacha gairmeacha atá ar fáil le Met Éireann?
Cé leis a rachainn i dteagmháil chun tuilleadh eolais a fháil?
Cén sórt oibre a dhéanann Meitéareolaí?
Cén sórt oibre a dhéanann Oifigeach Meitéareolaíochta?
Cad is stáisiún breathnadóireacha ann?
Cad iad na cineálacha éagsúla ionstraimí meitéareolaíochta atá ann agus cad a thomhaiseann siad?
Cad is brí leis na téarmaí aimsire go léir?
Cá bhfaighinn tuilleadh eolais ar staitisticí aimsire?
Cén difríocht atá idir aeráid agus aimsir?
Cad é an Scála Beaufort?
Cén chaoi a dtomhaistear gaoth?
Cad is féidir leat a rá liom mar gheall ar thuairiscí aimsire?
Cén chuma atá ar Chód Sionoptach?
Cén chaoi a gcoinbhéartar Fahrenheit go Celsius?
An féidir liom m’intéirneacht nó mo shocrúchán mic léinn a dhéanamh le Met Éireann?
Teastaíonn uaim sibh a chur ar an eolas faoi sholas aisteach sa spéir?
An féidir leat réamhaisnéis aimsire a scríobh dom le haghaidh timpiste gluaisteáin?
An gcuireann sibh fotha RSS de bhur réamhaisnéisí ar fáil?
Cad iad na cineálacha
gairmeacha atá ar fáil le Met Éireann?
Tá dhá ghrád iontrála ag Met Éireann
1. Meitéarolaí
2. Oifigeach Meitéareolaíochta
Cáilíochtaí riachtanacha oideachais agus eile
1. Meitéarolaí:Céim
aitheanta ollscoile le Céad Onóracha nó Dara Onóracha
ag leibhéal maith sa Mheitéareolaíocht nó i
bhFisic Mhatamaiticiúil nó sa Mhatamaitic nó cáilíocht
a mheasfadh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a
bheith coibhéiseach chun críocha an chomórtais.
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an
soláthraí earcaíochta, measúnachta agus
roghnúcháin lárnach le haghaidh seirbhísí don
Státseirbhís agus ceaptar daoine sna poist seo trí chomórtas
a reáchtálann an SCP. Déantar sonraí na
gcomórtas sin a fhógairt sa phreas náisiúnta
agus ar an raidió.
2. Oifigeach
Meitéareolaíochta:Ní mór
d’iarrthóirí bheith tar éis ar a
laghad Grád D a fháil i gcúig ábhar
(Gaeilge agus/nó Béarla san áireamh) san
Ardteistiméireacht (nó i scrúdú coibhéiseach)
le ar a laghad Grád C sa Mhatamaitic (Ardleibhéal)
agus ar a laghad Grád D in aon cheann de na hábhair
seo a leanas; Mata Fheidhmeach, Fisic, Ceimic, Fisic agus Ceimic,
Eolaíocht Ghinearálta, nó cáilíocht
inghlactha choibhéiseach. Tá a mhacasamhail de
ghnáthaimh ann do cheapacháin na Meitéareolaithe.
Tá deiseanna ann d’ardú céime sa dá ghrád

Cé leis a
rachainn i dteagmháil chun tuilleadh eolais a fháil?
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil leis:
An Rúnaí,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Chapter House,
26/30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
Éire.
Íosghlao: 1890-449999
Teil + 353-1-858-7400
Fón: +353-1-8587500
Facs: +353-1-8587574
Foirm Teagmhála

Cén
sórt oibre a dhéanann Meitéareolaí?
Baineann obair an Mheitéareolaí le measúnú agus anailís
a dhéanamh ar eolas faoin aimsir. I measc na ndualgas a bhíonn
ar an Meitéareolaí tá iniúchadh agus taighde ar thréithe
fisiceacha na ndlíthe a rialaíonn gluaiseacht an aeir, brú,
agus athruithe teochta d’fhonn a fháil amach cad a chúisíonn
tosca atmaisféaracha éagsúla. I measc na ndualgas eile tá achoimriú ar
shonraí aimsire d’fhonn léarscáileanna aimsire a
ullmhú agus réamhaisnéis a thabhairt maidir le hathruithe
ar an aimsir.

Cén
sórt oibre a dhéanann an tOifigeach Meitéareolaíochta?
Déanann an tOifigeach Meitéareolaíochta na bundualgais theicniúla
sa tSeirbhís Meitéareolaíochta. Ina measc tá breathnadóireachtaí aimsire,
cúram agus cothabháil na hionstraimíochta agus na n-áiseanna
cumarsáide, oibríochtaí ríomhairí agus ríomhchlárú.

Cad
is stáisiún breathnadóireachta ann?
Tá Ceancheathrú Met Éireann lonnaithe ar Chnoc Ghlas Naíon,
Baile Átha Cliath 9. Tá stáisiúin bhreathnadóíreachta
sna háiteanna seo a leanas:
Seirbhísí Eitlíochta.
Stáisiúin
Bhreathnadóireachta

Cad
iad na cineálacha éagsúla ionstraimí Meitéareolaíochta
atá ann agus cad a thomhaiseann siad?
 |
 |
 |
 |
| Ainéimiméadar: Tomhaiseann
sé luas agus treo na gaoithe |
Baraiméadar : Tomhaiseann sé brú an atmaisféar |
Síleáilmhéadar: Tomhaiseann
sé airde bhonn an chisil scamall |
Taismhéadar: Tomhaiseann
sé taise an aeir. |
| |
|
|
 |
 |
 |
| Méadar Báistí: Tomhaiseann
sé an méid frasaíochta |
Taifeadán Gréine: Tomhaiseann sé fad thaitneamh na gréine. |
Scáthlán Stevenson: Bosca
dronuilleogach adhmaid le lataí aerála ina bhfuil teirmiméadair
bholgáin fhliucha agus thirime uasta agus íosta. Ar
thaobh na láimhe deise tá teirmeagraf démhiotallach
agus tá hidreagraf ar thaobh na láimhe clé. |

Cad is
brí leis na téarmaí aimsire seo go léir?
Frithchioclón: Réigiún den
atmaisféar ina bhfuil an brú ard i gcomparáid leis
na réigiúin ina thimpeall ag an leibhéal céanna.
Lagrach: Réigiún den atmaisféar
in bhfuil an brú níos ísle ná na réigiúin
ina thimpeall ag an leibhéal céanna. Malairt an fhrithchioclóin.
Cioclón: Droch-stoirm thrópaiceach le
brú atmaisféarach íseal ag a lár agus gaotha
láidre ag séideadh ina thimpeall.
Sruth na Murascaille: Feacht d’uisce te dromchla
aigéin ag sreabhadh ó Mhurascaill Mheicsiceo i dtreo iarthuaisceart
na hEorpa. Tá sé ar an ngné is mó a choinníonn
an geimhreadh in Éirinn cuíosach bog.
heicteaPascal: Aonad brú, coibhéiseach
le Milleabar.
Iseabar: Líne a cheanglaíonn pointí ar
chomhbhrú
Isihiait: Líne a cheanglaíonn pointí leis
an méid céanna frasaíochta le linn tréimhse
shainithe.
Isotach: Líne a cheanglaíonn pointí ar
chomhluas gaoithe
Isiteirm: Line a cheanglaíonn pointí ar
chomhtheocht aeir.

Cá bhfaighinn
tuilleadh eolais ar staitisticí aimsire?
Téigh chuig Recent
Weather chun aimsir an lae inné a fháil agus sonraí míosúla
don bhliain go dtí seo.
Téigh chuig Climate
section (meán 30 bliain) dóibh seo a leanas:
- Meánteochtaí Míosúla
Aeir
- Méanteaochtaí uasta agus íosta Aeir
- Luasanna Gaoithe
- Báisteach, Grian, Brú agus meáin agus foircinn chlíomeolaíochta
eile.
Má tá tuilleadh eolais uait amhail tuairiscí aimsire,
tuairimí na
saineolaithe nó anailís shonrach, téigh i dteagmháil
lenár Rannóg Aeráide agus Breathnadóireachtaí.
Féadfaidh táillí a bheith i bhfeidhm do sholáthar
na nithe thuasluaite.

Cén
difríocht atá idir aeráid agus aimsir?
Tagraíonn aeráid do thaifid fhadtéarmacha, do threochtaí agus
do mheáin agus don méid a d’fhéadfá a bheith
ag súil leis ó thaobh na haimsire de. Cinntear aeráid de
ghnáth ach mionscrúdú a dhéanamh ar thosca aimsire
thar thréimhse fhada ama. Is é atá i gceist le haimsir ná an
t-eispéireas ó lá go lá – an rud atá ag
tarlú i láthair na huaire.

Cad é an
Scála Beaufort?
Chruthaigh an tAimiréal Francis Beaufort an Scála Beaufort sa bhliain
1805/06. Bealach atá ann láidreacht na gaoithe a thomhas de réir
chuma na farraige (nó ar talamh, ó fhreagairt na gcrann don aimsir). BREATHNAIGH
AR SCÁLA BEAUFORT

Cén chaoi
a dtomhaistear gaoth?
Treo
Tagraítear do threo na gaoithe de réir phointí an chompáis óna
bhfuil an ghaoth ag séideadh, mar shampla aduaidh, aneas, aniar aneas.
Tagann gaoth anoir ón oirthear. Go minic cuirtear síos ar ghaotha
de réir athrú ar threo na gaoithe. Uaireanta bíonn gaoth
aduaidh ag bogadh (veering) soir. Deirtear go bhfuil gaoth ag aistriú tuathal
nuair atá sí ag dul ar ais ar a threo mórthimpeall an chompáis
(tuathalach). I gcás gaoth a athraíonn treo (veer) deirtear go
bhfuil sí ag gluaiseacht ar deiseal. Déantar treo na gaoithe a
thomhas ag baint úsáide as eite gaoithe agus is féidir an
treo a thaifeadadh ar ghaothrós ach cearnóg a dhathú, a
chomhfhreagraíonn don treo óna bhfuil sí ag séideadh.
Gaoth
Baintear úsáid as ainéimiméadar nó as gaothaire
chun luas na gaoithe a mheas i gciliméadair nó i mílte san
uair. Bogann cupáin an ainéimiméadair de réir luas
na gaoithe.
Úsáidtear Scála Beaufort chun láidreacht na gaoithe
a thomhas BREATHNAIGH
AR SCALA BEAUFORT
Ba chóir ionstraimí gaoithe a choinneáil in áit nach
bhfuil cóngarach do bhallaí, do chlaí agus do sconsaí,
mar go gcuirfeadh a leithéid isteach ar an léamh agus bheadh sé deacair
treo na gaoithe a dhéanamh amach.

Cad
is féidir leat a rá liom faoi thuairiscí aimsire?
Taifeadtar na léamha gach uair inár stáisiúin aimsire
go léir. Treo agus luas na gaoithe, teochtaí bolgán fliuch
agus tirim óna dtomhaistear taise, brú agus claonadh an atmaisféar,
méideanna scamall agus airde na scamall, feicseanacht, aimsir láithreach
nó a bhí ann le huair an chloig anuas agus aimsir a tharla le trí huaire
anuas.
Déantar na léamha a chódú agus a iontráil
ar an Ríomhaire Pearsanta áit a ndéantar rialú cáilíochta
orthu agus déantar iad a tharchur trí mhóideim chuig Glas
Naíon i mBaile Átha Cliath.
| SCÁTHLÁN STEVENSON |
|
SAMPLA DE STÁISIÚN UATHOIBRÍOCH AIMSIRE
(SUA) |
 |
|
 |

An féidir liom m’intéirneacht nó mo shocrúchán
mic léinn a dhéanamh le Met Éireann?
Is oth linn
a rá nach féidir linn glacadh le haon mhic léinn
faoi láthair ar shocrúcháin oibre. Tá eolas
anseo faoi ghairmeacha le Met Éireann, ach nílimid ag earcú faoi
láthair.
Teastaíonn uaim sibh a chur ar an eolas faoi sholas aisteach sa
spéir?
Téigh i dteagmháil le ceachtar den dá dhream
seo a leanas: Dunsink
Observatory nó Astronomy Ireland
An féidir leat réamhaisnéis aimsire a scríobh
dom le haghaidh timpiste gluaisteáin?
Caithfidh duine dár
meitéareolaithe inár n-oifig Fiosruithe Clíomeolaíochta
tuairisc dhlíthiúil nó éileamh árachais
nó a leithéid chéanna a scríobh. Is féidir
sampla de thuairisc mar seo a fheiceáil anseo agus tá liosta
dár dtáillí don tseirbhís seo ar fáil
anseo.
An gcuireann sibh fotha RSS de bhur
réamhaisnéisí ar
fáil?
Ní sholáthraímid seo faoi láthair
ach tá súil againn é a bheith ar fáil amach
anseo.
|