Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Tuesday, 12 December 2017
  
FAIR
0 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Aeráid - Teocht

 

Teocht


Déantar teochtaí aeir a mheas ag airde tuairim is 1.2 m os cionn dromchla cothrom atá clúdaithe le féar gairid. Déantar na teirmiméadair a chur i bhfothain adhmaid le péint bhán uirthi ar a dtugtar Scáthlán Stevenson.

Tugann an tAtlantach measarthacht leis, atá le brath ar fud na hÉireann. Mar sin ní bhíonn an raon céanna teochtaí ann in Éirinn agus a bhíonn i dtíortha ilchríche eile. Cé go bhfuil níos mó éagsúlachta inár stáisiúin intíre, fiú ag na stáisiúin seo níl ach tuairim is lá amháin nó níos lú ag a bhfanann an teocht faoi bhun an reophointe. Titeann teocht an aeir faoi bhun nialais ar tuairim is 40 lá in aghaidh na bliana ag na stáisiúin intíre, ach níos lú ná 10 lá in aghaidh na bliana i limistéir ar an gcósta. De ghnáth sroicheann teochtaí intíre 18 go 20 °C le linn laethanta an tsamhraidh, agus tuairim is 8 °C sa gheimhreadh.  

Tá roinnt de na héagsúlachtaí seo léirithe i bhfoirm graife sna léaráidí do Bhaile Átha Cliath (cósta an oirthir), Réadlann Dhairbhre (cósta an iardheiscirt) agus Biorra (intíre). Sna graif seo léiríonn na barraí soladacha an difríocht idir an mheánteocht laethúil don mhí i gceist agus léiríonn na línte níos tanaí an raon íosta agus uasta a breathnaíodh thar thréimhse tríocha lá. Tá na graif bunaithe ar thuarascálacha laethúla ó 1971 go 2000 go huile.

Maidir le foircinn, an mheánteocht aeir a taifeadadh in Éirinn ba ea + 33.3°C ag Caisleán Chill Chainnaigh, ar an 26 Meitheamh 1887.  Ba ag Booragh, Co Uíbh Fháilí a taifeadadh an teocht ab airde sa 20ú haois, nuair a shroich sé +32.5°C san áit sin ar an 29 Meitheamh 1976. Ba í -19.1°C an teocht ab ísle, a tomhaiseadh ag Caisleán Markree, Co. Shligigh ar an 16 Eanáir 1881 agus ba í -18.8°C an teocht ab ísle a tomhaiseadh sa 20ú haois ag an Loilíoch Mór, Co. Cill Dhara ar an 2 Eanáir 1979. Ba í -19.6°C an íosteocht féir a breathnaíodh ag Baile Átha Cliath (Glas Naíon) ar an 12 Eanáir 1982 agus bhí seo cuíosach cóngarach don -19.5°C a tomhaiseadh ag Loilíoch Mór, Co. Chill Dara ar an 2 Eanáir 1979.

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO