Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online met.ie
The Irish Meteorological Service Online
  Baile - Aeráid - Táirgí Aeráide - Tábla Tréimhsí Toradh Báistí
 

 

Tábla Tréimhsí Toradh Báistí


FÉACH SAMPLA (EXCEL 22kb) 

  • Bíonn faisnéis ag teastáil go minic ó innealtóirí, ailtirí agus daoine eile faoi mhinicíocht trombháistí, maidir le critéir do scéimeanna bainistithe uisce nó draenála de ghnáth. Ní bheadh sé eacnamúil i bhformhór na gcásanna córas a thógáil a bheadh in ann plé leis an mbáisteach is troime a d’fhéadfadh a bheith ann,  fiú má bhíonn a mhéid sin ar eolas againn. In ionad sin, is gnách an córas a dhearadh ionas go mbeadh sé in ann glacadh le báisteach nach sárófaí ach uair amháin i líon áirithe blianta (tréimhse toraidh).
  • Le samhail fad minicíocht doimhneachta is féidir minicíochtaí pointí báistí a mheas do réimse fadtréimhse i suíomh ar bith in Éirinn. Tá an tsamhail comhdhéanta d’innéacs (meánach) báistí agus cuar fáis loighciúil a chuireann iolróir den bháisteach innéacs ar fáil. Scríobhadh feidhmchláir ríomhaire chun an tsamhail a fheidhmiú agus torthaí na báistí tréimhse toraidh a tháirgeadh. 
  • Le tacar na luachanna paraiméadair a achoimriú ar ghaol Fhad–Doimhneacht-Minicíocht (FDM) báistí is féidir meastacháin chomhsheasmhacha de mhinicíochtaí pointí báistí a tháirgeadh thar tréimhsí sa raon idir 5 nóiméad agus 25 lá. Úsáidtear na meastacháin seo in áit meastacháin Logue (1975).
  • Leis an tsamhail seo is féidir minicíochtaí báistí a mheas i suíomh ar bith. Ar dheis is féidir Foirm Ordaithe a chur isteach chun tábla Tréimhsí Toraidh Báistí a fháil. Cuir isteach Comhordanáidí Tíreolaíocha, Oirlíne agus Tuaidhlíne, don suíomh atá uait. Gearrtar táille atá bunaithe ar chostais imeallacha amháin.

An Modh a úsáidtear chun Minicíochtaí Báistí Pointe a Mheas

Pdf Icon  Gliogáil anseo chun íoslódáil

 

MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247
© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services