Tábla Tréimhsí Toradh Báistí

FÉACH SAMPLA (EXCEL
22kb)
- Bíonn faisnéis ag teastáil go minic ó innealtóirí,
ailtirí agus daoine eile faoi mhinicíocht trombháistí,
maidir le critéir do scéimeanna bainistithe uisce
nó draenála de ghnáth. Ní bheadh
sé eacnamúil i bhformhór na gcásanna
córas a thógáil a bheadh in ann plé leis
an mbáisteach is troime a d’fhéadfadh a bheith
ann, fiú má bhíonn a mhéid sin
ar eolas againn. In ionad sin, is gnách an córas a
dhearadh ionas go mbeadh sé in ann glacadh le báisteach
nach sárófaí ach uair amháin i líon áirithe
blianta (tréimhse toraidh).
- Le samhail fad minicíocht doimhneachta is féidir
minicíochtaí pointí báistí a
mheas do réimse fadtréimhse i suíomh ar bith
in Éirinn. Tá an tsamhail comhdhéanta d’innéacs
(meánach) báistí agus cuar fáis loighciúil
a chuireann iolróir den bháisteach innéacs
ar fáil. Scríobhadh feidhmchláir ríomhaire
chun an tsamhail a fheidhmiú agus torthaí na báistí tréimhse
toraidh a tháirgeadh.
- Le tacar na luachanna paraiméadair a achoimriú ar
ghaol Fhad–Doimhneacht-Minicíocht (FDM) báistí is
féidir meastacháin chomhsheasmhacha de mhinicíochtaí pointí báistí a
tháirgeadh thar tréimhsí sa raon idir
5 nóiméad agus 25 lá. Úsáidtear
na meastacháin seo in áit meastacháin Logue
(1975).
- Leis an tsamhail seo is féidir minicíochtaí báistí a
mheas i suíomh ar bith. Ar dheis is féidir Foirm Ordaithe
a chur isteach chun tábla Tréimhsí Toraidh Báistí a
fháil. Cuir isteach Comhordanáidí Tíreolaíocha,
Oirlíne agus Tuaidhlíne, don suíomh atá uait.
Gearrtar táille atá bunaithe ar chostais imeallacha amháin.
An Modh a úsáidtear chun Minicíochtaí Báistí Pointe
a Mheas

Gliogáil anseo chun íoslódáil
|