Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Wednesday, 13 December 2017
  
CLOUDY
6 Celsius
SW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Aeráid - Aeráid na hÉireann

 

Aeráid na hÉireann


Is ag an Aigéan Atlantach is mó atá tionchar ar aeráid na hÉireann. Dá bharr sin, ní bhíonn Éire faoi lé teochtaí foircneacha mar a bhíonn tíortha eile atá sa domhanleithead céanna.

Is ionann an mheánteocht bhliantúil agus tuairim is 9 °C. I lár agus in oirthear na tíre bíonn teochtaí níos foircní ann ná mar a bhíonn in áiteanna eile. Mar shampla, is ionann an mheánteocht laethúil uasta sa samhradh agus tuairim is 19 °C agus an mheánteocht laethúil íosta sa gheimhreadh sna háiteanna sin agus 2.5 °C.

Bíonn meánluas gaoithe éagsúil ann – sa raon idir 4 m/soic san oirthear agus i lár na tíre agus 7 m/soic san iarthuaisceart. De ghnáth bíonn gaotha láidre níos coitianta sa gheimhreadh ná mar a bhíonn sa samhradh. Leanann taitneamh na gréine ar feadh tréimhse níos faide in oirdheisceart na tíre. Is ionann an meánmhéid báistí agus idir 800 agus 2,800mm.

Is iad na gaotha aniar aneas ón Atlantach na gaotha is ceannasaí, agus bíonn an méid is mó báistí ann san iarthuaisceart, san iarthar agus san iardheisceart, go háirithe os cionn talamh ard. Bíonn an carnadh báistí is mó ann sa gheimhreadh agus is lú ann sa samhradh.  

Braitheann an meánlíon bliantúil laethanta le níos mó ná 1mm báistí ar an áit – sa raon 150 sna háiteanna is tirime agus os cionn 200 sna háiteanna is fliche den tír. Tá sonraí ó stáisiúin ag Met Éireann, ag dul siar chomh fada leis an 19ú céad, le haghaidh roinnt dá stáisiún.  

Léiríonn an graf thíos an mheánteocht bhliantúil do cheann de na stáisiúin (Cionn Mhálanna) agus é sin léirithe mar imeacht ón meán don tréimhse 1961 go 1990 i gcéimeanna  Celsius. Is í an líne dhubh an meán don tréimhse 15 bliana agus an meán láraithe ar an mbliain i gceist.  

Malin Head Annual Temperature

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO