| Sonraí Agrai-Mheitéireolaíocha

Easnaimh Thaise na hIthreach, Galú, Imghalú Féideartha,
Imghalú Iarbhír, agus Rith:
- Easnamh Thaise na hIthreach (ETI nó SMD): seo
an méid báistí atá ag teastáil
chun cion thaise na hithreach a thabhairt ar ais go toilleadh réimse.
- Toilleadh Réimse (ETI=0 nó SMD=0) an
méid uisce atá ar chumas na hithreach a choinneáil
i gcoinne domhantarraingte, .i. an t-uasmhéid uisce is féidir
a chur ar phlanda i bpota gan uisce a shileadh. Léiríonn
ETI diúltach farasbarr uisce, a bheidh á thaoscadh
le himeacht ama trí insíothlúchán nó sreabhadh
thar talamh nó sa dá mhodh.
- Sáithiúchán baintear é seo
amach nuair a bhíonn ETI = -10mm, .i. farasbarr uisce de
10mm. Tá ETI dearfach faoi bhun toilleadh réimse agus
is féidir le báisteach insíothlú go
dtí cumas an ETI. In ithir insíothlaithe bíonn
gach piochán ithreach lán d’uisce, ach beidh
uisce ag taoscadh amach as piocháin mhóra le fórsa
na domhantarraingte.
- Galú: an ráta cailliúna
uisce ó dhromchla saor uisce amhail taiscumair, loch,
linn, nó ithir insíothlaithe. Úsáidtear
Plean Aicme A chun galú a thomhas inár Stáisiúin
Galú Reatha. Is umar ciorclach é seo, le trastomhas
1.21m agus doimhneacht 0.25m, páirtlíonta le huisce
agus feistithe ar fhráma a cheadaíonn aerchúrsaíocht
shaor faoi. Bíonn breis uisce ag teastáil chun leibhéal
socair a choinneáil.
- Imghalú: an flosc iomlán uisce
isteach san atmaisféar .i. suim an ghalaithe agus an trasghalaithe
(flosc uisce trí stomata plandaí).
- Imghalú Féideartha (nó Tagartha)
(IF nó PE): an flosc uisce faoi choinníollacha
neamhtheorainneacha uisce ithreach. Úsáidtear lísiméadar
chun an ráta féideartha imghalaithe ó fhéar
a thomhas. Tá sé comhdhéanta de cheithre
umar suncáilte, gach ceann timpeall 0.25 mc in achar agus
0.75m i ndoimhneacht. Bíonn an dromchla ithreach i ngach
umar ag leibhéal na timpeallachta. Coinnítear clúdach
féir ar na humair. Déantar Imghalú Féideartha
Tomhaiste a thaifeadadh ag Caisleán Bhaile Sheonach i gCo.
Loch Garman agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Úsáidtear
foirmle Fao Penman-Monteith in Met Éireann chun an tImghalú Féideartha
(Tagartha) a ríomh, ag baint úsáide as na
sonraí meitéareolaíochta a thaifeadtar
inár Stáisiúin
Shionoptacha.
- Imghalú Iarbhír: (II
nó AE): an
flosc uisce iarbhír a tharlaíonn. Bíonn sé seo
teoranta ag méid na taise atá ar fáil san ithir. Baintear
meastacháin den Imghalú iarbhír as luachanna ríofa
an Imghalaithe Féideartha agus na rátaí ETI
reatha.
Samhail Easnamh Thaise na hIthreach: Samhail
hibrideach ETI* atá forbartha chun na difríochtaí idir
réimis draenála idir cineálacha difriúla
ithreach in Éirinn a mhíniú. Déantar trí aicme
draenála ithreach a shainmhíniú, dea-dhraenáilte,
meándraenáilte agus lagdhraenáilte, mar seo a leanas:
Draenáil: an tsuim uisce a chailltear as an ithir
dhromchlach trí shíothlú nó trí shreabhach
thar talamh. Braitheann sé ar chumas draenála na hithreach.
Dea-dhraenáilte: Ní bhíonn an ithir sáithithe
riamh, fanann sí ag toilleadh réimse fiú ar laethanta
atá an-fhliuch sa gheimhreadh. ETI íosta = náid.
Nuair a bhíonn ETI > 0mm bíonn IF, ag laghdú go
líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid
teoiriciúil de 110mm.
Meándraenáilte: D’fhéadfadh a bheith
sáithithe ar laethanta fliucha geimhridh, ach filleann ar Chumas
Ceantair ar an gcéad lá tirim. Íosmhéid
ETI = lúide 10mm. Nuair a bhíonn ETI >0 bíonn
II níos lú ná IF, ag laghdú go líneach
go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil
de 110mm.
Lagdhraenáilte: Sáithithe ar laethanta fliucha
geimhridh, farasbarr uisce draenáilte ag rátaí an-mhall,
timpeall 0.5mm sa lá. Íosmhéid ETI = lúide
10mm. Nuair a bhíonn ETI > 10mm bíonn II níos
lú ná IF, ag laghdú go líneach go náid
nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm
Tá Easnaimh
Taise Laethúla Ithreach agus IF agus II ríofa
ar fáil do thrí aicme éagsúla draenáil ithreach
inár Stáisiúin
Shionoptacha. Déantar easnaimh agus farasbairr taise a ríomh ó dhifríochtaí idir
báisteach agus imghalú iarbhír. Meastar farasbairr thaise
na hithreach a bheith bainte amach ag draenáil agus rith dromchla thar
am.
Ríomh Imghalú Féideartha (Tagartha)
Déantar an tImghalú Féideartha , ET0 a ríomh
de réir Chothromóid FAO Penman-Monteith (Allen et al.,
1998) do bharr tagartha féir ag airde sílte de 0.12m :
nuair is é ET0 an t-imghalú féideartha (mm
d-1),
is é Rn an ghlanradaíocht ag dromchla an bhairr
(MJ m-2 d-1),
is é G dlús flosc na talún (MJ m-2 d-1),
is é T teocht an aeir ag airde 2 m (°C),
is u2 luach na gaoithe ag airde 2m (m s-1),
is iad es agus ea an brú gaile sáithithe
agus an brú gaile iarbhír, faoi seach (kPa),
is é Δ fána chuar an bhrú galaithe (kPa °C-1),
agus is é γ an tairiseach síciméadrach (kPa °C-1).
Ríomh Easnamh Thaise na hIthreach
Déantar Easnamh Thaise na hIthreach a ríomh mar seo a leanas:
nuair is iad SMDt and SMDt-1 na SMD ar lá t agus
lá t-1 faoi seach (mm),
Is é Rain an fhrasaíocht laethúil (mm
d-1),
Is é ETa an t-imghalú iarbhír laethúil
(mm d-1),
Is é Drain an tsuim uisce atá á dhraenáil
go laethúil ag síothlú agus/nó sreabhadh thar
talamh (mm d-1)
Imghalú Iarbhír
déantar Easnamh Thaise na hIthreach criticiúil a shainmhíniú do
gach aicme draenála ithreach, SMDc. Nuair a bhíonn
an ETI reatha níos lú ná an luach criticiúil
seo ní bhíonn riospráid á theorannú ag
taise agus bíonn Imghalú Iarbhír cothrom le hImghalú Féideartha:
Nuair a bhíonn SMD <= SMDc
Nuair a bhíonn an SMD reatha níos mó ná an
luach criticiúil seo, ní bhíonn an taise atá ar
fáil gan teorannú níos mó; dá thoradh
sin, bíonn Imghalú Iarbhír níos lú ná an
tImghalú Féideartha. Sa chás seo glactar leis go
bhfuil an II ag laghdú go líneach go náid agus an
ETI ag druidim le huasluach teoiriciúil, SMDmax.
Nuair atá SMD > SMDc
Bíonn luach SMDc d’ithreacha dea-dhraenáilte
agus meándraenáilte cothrom le náid, agus 10mm d’ithreacha
lagdhraenáilte. Is é 100mm luach SMDmax don
trí aicme ithreach.
Draenáil
Glactar leis nach dtarlaíonn draenáil trí shíothlú nó sreabhadh
thar talamh ach nuair a sháraíonn an taise ithreach an toilleadh
réimse (SMD = náid).
Ithreacha Dea-dhraenáilte: Fanann siad seo ag toilleadh réimse
fiú ar laethanta an-fhliuch agus ní bhíonn siad sáithithe
riamh, draenáiltear an t-uisce uile atá os cionn toilleadh réimse
láithreach.
Ithreacha Meándraenáilte: Iompraíonn siad seo farasbairr
uisce ar laethanta fliucha ach filleann siad ar thoilleadh réimse ar an
gcéad lá tirim eile. Is ionann é seo agus uasráta
draenála os cionn 10mm sa lá.
Ithreacha lagdhraenáilte: Iompraíonn siad seo farasbarr uisce ar
feadh roinnt laethanta, bíonn uisce ag draenáil ag uasráta
de 0.5mm sa lá, nuair a bhíonn SMD ag -10, ag laghdú go
líneach go náid nuair a bhíonn SMD > náid.
Is í an
Draenáil Éifeachtúil an tsuim iomlán
draenála, .i.. trí shíothlú agus sreabhadh thar
talamh.
Tagairtí
Allen, R.G., Pereira, L.S., Raes, D. and Smith, M. 1998. Crop evapotranspiration.
Guidelines for computing crop water requirements. FAO irrigation and drainage
paper 56, 227.
R.P.O.Schulte, J.Diamond, K.Finkele, N.M.Holden and A.J.Brereton 2005.
Predicting the Soil Moisture Conditions of Irish Grasslands. Irish
Journal of Agricultural Research 44: 95-110. |