| Seirbhísí Eitlíochta

AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH
Suíomh:
53°25'40" N
6°14'27" W
71M os cionn leibhéal na farraige
Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath thart ar 10 Km Thuaidh ó lár
chathair Bhaile Átha Cliath.
Stair:
1939: Thosaigh breathnadóireachtaí sionoptacha ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath.1940: Rinneadh an chéad eitilt tráchtála ó Aerfort
Bhaile Átha Cliath ar an 19 Eanáir. 1942: Bhog an Oifig Meitéareolaíochta óna
sheancheathrú, áit a raibh aonad ospidéil de chuid an RAF
le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, go dtí Lároifig
an Teirminéil nua, ar a dtugtar an OCTB anois (an Sean-Lároifig
Theirminéil). Is foirgneamh liostaithe é seo agus tá an
Oifig Meitéareolaíochta ann go fóill. Ba é Desmond
Fitzgerald, deartháir an Iar-Thaoisigh Garret Fitzgerald, a dhear é agus
bhain sé moladh mór amach as a choincheap dearaidh álainn.
1943: Faoi dheireadh 1943, bhí an oifig réamhaisnéise
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag soláthar seirbhíse
le heitiltí thras-chainéil
agus bhain sé an freagracht as na seirbhíse don Aerchór
agus d’Óglaigh na hÉireann ó Foynes.
1948:
Ar an 1 Aibreán ghlac an Oifig Meitéareolaíochta
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath freagrach as na chéad réamhaisnéisí aimsire
a craoladh ar Raidió Éireann.
1952: Soláthraíodh
réamhaisnéisí do na Páipéir
Nuachta.
1961: Siocair an éilimh a bhí ag méadú ón
bpobal i gcoitinne chomh maith le gnóthaí talmhaíochta,
tionsclaíochta agus eile, rinneadh an cinneadh Lároifig
Anailíse
agus Réamhaisnéise a bhunú sa Cheanncheathrú ar
Shráid
Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar an 23 Márta chun
déileáil
le hiarratais neamheitlíochta.
1988: Bogadh an rannóg
réamhaisnéise Eitlíochta go
dtí an Lároifig Eitlíochta nua ag Aerfort na Sionainne.
1988
go inniu: Leanann Met Éireann ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
lena sheirbhís don eitlíocht trí fhaire aimsire
leanúnach a sholáthar 24 uair sa lá. Is féidir
le píolótaí úsáid a bhaint anois as
Aonad Féinfhaisnéisithe (AFF) a sholáthraíonn
Met Éireann, in oifigí AIS san fhoirgneamh Link. Soláthraíonn
an áis seo rochtain ar an lár-ríomhaire le haghaidh
RATanna, Tafor, Metar agus Sigmet faoi choinne eolais faoi bhealaí a
sholáthar chuig ceannphointe an aerárthaigh le liostaí de
rogha aerfort. Tá cairteacha gaoithe Uas-Aeir ar fáil
chomh maith, agus cairteacha Aimsire Sig., pictiúir Radair Beo
agus Satailíte agus scáileáin le breathnadóireachtaí reatha
agus léamha Raon Amhairc Rúidbhealaigh (RAR). Tá Met Éireann
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú go gníomhach
le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Údarás
Eitlíochta na hÉireann chun freastal ar an bhfás
atá ag méadú de shíor ar líon na bpaisinéirí.
|