| |
|||
|
|
Seirbhísí Eitlíochta Ceann de na tascanna is tábhachtaí atá ag Met Éireann ná seirbhísiú a dhéanamh ar riachtanais eitlíochta faoi rialacháin EESI. Tá chuid shuntasach dár n-acmhainní tiomnaithe don tasc seo, le roinnt chomhfhreagrach dár mbuiséad a fhorchúiteamh ar bhonn gnóthaithe costais trí tháillí cúrsa. Is é tasc na Rannóige seo ná réimse leathan áiseanna meitéareolaíochta a sholáthar don eitlíocht shibhialta, mhíleata agus ghinearálta. Tá Rannóg na Seirbhísí Eitlíochta déanta suas den Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne, in éineacht leis na hoifigí meitéareolaíochta ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Mhic Easmainn. Eisíonn sé réamhaisnéisí (Réamhaisnéisí Aeradróim Teirminéil (RAT) agus Réamhaisnéisí Cheantair Áitiúla) do na haerfoirt éagsúla agus aerpháirceanna níos lú sa tír chomh maith le rabhaidh áitiúla, rabhaidh (Sigmets) do Réigiún Faisnéise faoi Eitiltí na hÉireann, doiciméadú faoi bhealach agus faisnéisiú. Soláthraítear Seirbhísí Meitéareolaíochta d’Óglaigh na hÉireann agus oiliúint mheitéareolaíochta ag Aeradróm Mhic Easmainn.
|
||
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |
|