| Seirbhísí Eitlíochta

AERFORT CHORCAÍ
Suíomh:
51°50'50" N 8°29'10" W
154M os cionn leibhéal na farraige
Tá Aerfort Chorcaí lonnaithe ar dhroim atá thart ar 6 Km
theas ó Chathair Chorcaí.
Stair:
D’oscail an t-aerfort i mí Dheireadh Fómhair 1961,
cóngarach
do shuíomh na haerpháirce a bhí ann roimhe sin, ar a dtugtaí Farmers
Cross. Rinneadh réamh-bhreathnadóireachtaí meitéareolaíochta
ag an suíomh seo i 1946-47. Ar dtús, ní dhearnadh breathnadóireacht
ach amháin ar iarratas. Ansin, chóir dheireadh 1961 rinneadh iad
ar bhonn 24 uair agus mar sin bhí an stáisiún mar pháirt
de líonra sionoptach na Seirbhíse Meitéareolaíochta.
Osclaíodh rannóg réamhaisnéise do chuspóirí eitlíochta
sa bhliain 1966 agus de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh
ar réamhaisnéisí ginearálta, cuireadh isteach seirbhís
uathoibríoch aimsire teileafóin.
Bhí an-mheas ar an tseirbhís
seo i measc an phobail, agus bhain sé amach buaic de 750,000 scairt gutháin
sa bhliain 1991.
Dhún
an rannóg réamhaisnéise eitlíochta sa bhliain
1988, agus ghlac an Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne
freagracht as na réamhaisnéisí. Is féidir
le píolótaí úsáid a bhaint anois as
seirbhís féinfhaisnéisithe a sholáthraíonn
Met Éireann, sa príomhchoimpléasc teirminéil.
Soláthraíonn an áis seo na pictiúir radair,
RATanna, METARanna, cairteacha gaoithe uachtaraí agus Sig. Aimsire
is déanaí, agus déantar gach rud a nuashonrú chomh
luath is atá na sonraí nua ar fáil. Tá nasc
teileafóin leis an réamhaisnéiseoir in Aerfort na
Sionainne ar fáil chomh maith.
Tá an t-aerfort tugtha go háirithe do cheo. Tarlaíonn
seo siocair a shuímh gar don chósta theas agus a airde
os cionn leibhéal na farraige. Siocair thabhairt isteach stádas
Chatagóir 2 sa bhliain 1990 áfach, thit an líon
atreoruithe eitilte go mór, cé go mbeidh ainm ag aerfort
Chorcaí mar aerfort ceoch do roinnt daoine go deo.
|