| Seirbhísí Eitlíochta

AERADRÓM MHIC EASMAINN
Suíomh:
53°18'20" N
6°26'20" W
94M os cionn leibhéal na farraige
Tá Aeradróm Mhic Easmainn lonnaithe ag Baile Dhónaill thart
ar 16 Km theas ó Chathair Bhaile Átha Cliath.
Stair:
D’oscail an t-aerfort sa bhliain 1922 agus ar dtús reáchtáil
beirt phíolótaí ón Aerfhórsa Ríoga
an t-aerfort. Ceannaíodh an chéad eitleán a fuair an tAerchór
chun an Ginearál Micheál Ó Coileáin a thabhairt ar
ais ó na caibidlí maidir leis an gConradh dá mba ghá.
Ar an 12 Aibreán 1928 rinneadh an chéad trasnú ar éirigh
leis ó Oirthear go hIarthar an Atlantaigh. Ba é Baile Dhónaill
an pointe imeachta don eitilt seo agus bhí an Ceannfort James Fitzmaurice,
Oifigeach Ceannais an Aerchóir ar dhuine den chriú.
Bíonn
níos lú ceo ag Aeradróm Mhic Easmainn ná mar
a bhíonn ag Aerfort BhÁC. Bhí ráthanna sneachta
acu anseo le linn an gheimhridh sna 1960í, 1970í agus 1980í.
Tá stáisiún Aeráide anseo ó bhí 1943
ann agus bhunaigh an tSeirbhís Meitéareolaíochta stáisiún
sionoptach iomlán ag an suíomh seo sa bhliain 1964.
Tá neart na gaoithe, nuair atá sí ag teacht aniar aneas níos
láidre ná mar a bhíonn i gceantair eile gar do Bhaile Átha
Cliath siocair shuíomh an stáisiúin agus a chóngaracht
do Shléibhte Bhaile Átha Cliath.
|