Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Wednesday, 16 May 2012
  
CLOUDY
10 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Agri Environment - Sonraí Teagmhála

 

An tAonad Talmhaíochta agus Comhshaoil

SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA
RÉAMHAISNÉISÍ TALMHAÍOCHTA

  • Réamhaisnéisí Laethúla le réamhaisnéis 3 lá do na cúigí  
  • Réamhaisnéisí Réigiúnacha Laethúla
  • Is féidir réamhaisnéisí laethúla don tseachtain a fháil ó Weatherdial agus ar RTÉ 7:55 raidió  
  • Bíonn réamhaisnéis bhreisithe don chéad 4/5 lá eile ar RTÉ 1 ar an Teilifís tar éis Nuacht 9 a’ chlog, ar an Domhnach agus ar an gCéadaoin
  • Réamhaisnéisí ar stáisiúin Raidió Áitiúla.
  • Réamhaisnéis talmhaíochta ar RTÉ Teilifís ag am lóin ar an Domhnach  
  • Anailís feirmeoireachta den réamhaisnéis reatha 7 lá ar Weatherdial
  • Réamhaisnéisí feirmeoireachta sna meáin chlóite (Farmers Journal, Farming Independent agus Examiner)


RIOCA TALMHAÍOCHTA AGUS RABHAIDH

  • Leathadh dhúchán phrátaí ó Bhealtaine go Meán Fómhair  
  • Baol go dtarlóidh tine foraoise  
  • Sioc do dhaoine a fhásann torthaí san Earrach  
  • Comhairle don Roinn Talmhaíochta maidir le riosca agus forleathadh na ngalar a bhíonn ar ainmhithe amhail leathadh aeriompartha an Víris is cúis le Galar Crúibe is Béil, Nematodirosis, Leith Uisce agus Gormhteanga.

BRETHNADÓIREACHTAÍ TALMHAÍOCHTA

Taighde
Déanann Met Éireann comhordú ar an ngrúpa AGMET ina bhfuil baill ó institiúidí taighde talmhaíochta, ó ollscoileanna, ó ranna rialtais agus ó eagraíochtaí eile a bhfuil spéis acu sa tionchar a bhíonn ag an aimsir ar an talmhaíocht. Cuireadh an grúpa AGMET ar bun sa bhliain 1984 leis na haidhmeanna seo a leanas:

  1. Cur chun cinn agus scaipeadh an eolais faoin aimsir d’fhonn pleanáil agus cinnteoireacht a dhéanamh i leith na talmhaíochta
  2. Ábhar oideachais a sholáthar d’fhonn éascú a dhéanamh ar an úsáid is fearr a bhaint as eolas faoin aimsir i gcás na talmhaíochta
  3. Forbairt a dhéanamh ar shaineolais samhaltaithe san fhoilseachán de chuid AGMET 'Agro-Meteorological Modelling - Principles, Data and Applications' N.M. Holden (Ed.)

Chuir Met Éireann réamhaisnéisí agus treoir ar fáil don Roinn Talmhaíochta maidir le leathadh aeriompartha an víris is cúis le Galar Crúibe agus Béile sa ráig a tharla i 2001. Le linn an ama sin rinneadh taighde d’fhonn feabhas a chur ar an tsamhail spréite aeriompartha agus foilsíodh na torthaí i dtuarascáil theicniúil.

An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta
Bíonn seastán ag Met Éireann gach bliain ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóíreachta áit a ndéanann an eagraíocht teagmháil dhíreach lena custaiméirí a chothú.

Sonraí Teagmhála:
Seirbhísí Agra-comhshaoil
Met Éireann
Cnoc Ghlas Naíon
Baile Átha Cliath 9
Éire
Teil. +353 (0) 1 8064200
Facs +353 (0) 1 8064247
Teagmháil


 

MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services

Site Design and Development by FUSIO