Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 11 December 2017
  
FINE
-3 Celsius
NW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire - Chionn Mhálanna
 

 

Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

Weather Observing Stations CIONN MHÁLANNA
Suíomh:

55°22'20" N
7°20'20" W.
22M os cionn leibhéal na farraige
Tá stáisiún sionoptach Chionn Mhálanna suite ag an bpointe is faide thuaidh ar oileán na hÉireann, ag barr leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall. Is é Carn Domhnach an baile is cóngaraí, atá 19 Km theas thoir theas ón stáisiún.

Stair:
Tógadh na foirgnimh atá ann faoi láthair sa bhliain 1955, nuair a chuir pearsanra Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann tús le breathnadóireachtaí aimsire gach uair. Téann taifid an stáisiúin siar chomh fada leis an mbliain 1885, ámh. Ba phearsanra ón gcuideachta árachais  Lloyd's, a bhí ag obair sa stáisiún comharthaíochta áitiúil ar an gcósta, agus ba iad seo a d’ullmhaigh na chéad tuarascálacha rialta aimsire agus a tharchuir iad. Lean oifigigh na ngardaí cósta leis an obair seo go dtí na fichidí luatha. Ó na 1920dí go dtí 1955 tugadh an obair do theaghlach áitiúil ar conradh leis na sonraí clíomeolaíochta a sholáthar agus ar a laghad tuairisc aimsire amháin gach lá.

An ghé aimsire a idirdhealaíonn Cionn Mhálanna ó stáisiúin eile ar fud na tíre ná luas na gaoithe. Beagnach gach bliain taifeadtar gaotha ag fórsa stoirme 12 ag an stáisiún. Is é 98 muirmhíle an séideán is airde a taifeadadh go dtí seo, a tharla ar an 16 Meán Fómhair 1961 nuair a shroich deireadh Hairicín Debbie cósta thiar na hÉireann agus rinne sé damáiste go forleathan ar fud na tíre.

Cuireadh deireadh le breathnadóireacht láimhe ag an stáisiún aimsire i gCionn Mhálanna ar an 31ú Nollaig 2009. Tá stáisiún uathoibríoch lonnaithe san ionad céanna ón gcéad lá de mhí Eanair 2010.

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO