Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 11 December 2017
  
FINE
-3 Celsius
NW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

 

Eolas Fúinn - Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire


Roghnaigh Stáisiún Breathnadóireachta Aimsire ach cliceáil ar an léarscáil nó ar cheann de na naisc thíos:

 

 Stáisiún Uathoibríoch Aimsire (SUA) CHIONN MHÁLANNA

Suíomh:
55°22'20" T
7°20'20" I
22 m os cionn mheánleibhéal na mara
                       

Tá stáisiún sionoptach aimsire Chionn Mhálanna suite ag an bpointe is faide ó thuaidh ar oileán na hÉireann, ag barr leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall. Is é Carn Domhnach an baile is cóngaraí, atá 19Km theas thiar theas ón stáisiún.

Tógadh na foirgnimh atá ann faoi láthair sa bhliain 1955, tráth ar thosaigh foireann Sheirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann ag déanamh breathnóireachtaí gach uair an chloig. Téann taifid an stáisiúin siar chomh fada leis an mbliain 1885, ámh. Ba iad an fhoireann a bhí fostaithe le Lloyd’s Insurance Company, a bhí i bhfeighil an stáisiúin comharthaíochta ar an gcósta a chéad-ullmhaigh tuarascálacha aimsire ar bhonn rialta agus a rinne na torthaí a tharchur. Lean oifigigh gharda an chósta den obair ina dhiaidh sin go dtí an fichidí luatha. Ó na 1920í go dtí 1955 d’oibrigh teaghlach áitiúil, ar bhonn conartha, chun sonraí aeráide a chur ar fáil agus eisíodh ar a laghad tuairisc amháin aimsire gach lá.

An ghné aimsire is mó a idirdhealaíonn Cionn Mhálanna ó stáisiúin eile ar fud na tíre ná luas na gaoithe. Beagnach gach bliain bíonn gaotha fórsa stoirme taifeadta ag an stáisiún. An luas is gasta ar taifead ná 98 muirmhíle, a taifeadadh an 16 Meán Fómhair 1961 tráth a raibh deireadh “Hairicín Debbie” ag scuabadh feadh chósta thiar na hÉireann áit a ndearnadh a lán damáiste don chuid sin den tír.
Dúnadh an stáisiún aimsire le foireann ag Cionn Mhálanna go hoifigiúil an 31 Nollaig 2009 agus osclaíodh Stáisiún Uathoibríoch Aimsire ag an suíomh céanna ina ionad an 1 Eanáir 2010.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:

  • Teocht an Aeir
  • Teochtaí Ithreach
  • Teochtaí Domhanda
  • Báisteach
  • Treo agus Luas na Gaoithe
  • Brú an Atmaisféir
  • Bogthaise Choibhneasta
  • Radaíocht Dhomhanda
  • Airde agus Méid na Scamall
  • Aimsir Láithreach

 

 

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO