Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 11 December 2017
  
FINE
-3 Celsius
NW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire - Chill Chainnigh
 

 

Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

Kilkenny Weather Observing StationsCILL CHAINNIGH
Suíomh:

52°39'55" N
7°16'10"W
66M os cionn leibhéal na farraige
Tá Stáisiún Chill Chainnigh suite i nGleann na Feoire, tuairim is 2 Km thiar thuaidh ó Lár Bhaile Chill Chainnigh, ar Bhóthar Duningstown. Ó thaobh na haimsire de is sampla maith an suíomh seo de ghleannta na n-abhann leathan sa réigiún .i. le teochtaí ísle ar oícheanta gan scamaill.

Stair:
D’oscail an stáisiún i mí Bealtaine 1957 agus rinneadh an chéad bhreathnadóireacht ag 0900 GMT ar an 31 Bealtaine. Tá suntas ar leith ag baint leis an stáisiún seo sa mhéid go dtaifeadtar ann roinnt de na teochtaí is ísle sa gheimhreadh agus is airde sa samhradh in Éirinn. 

Teochtaí foircneacha a taifeadadh ag Stáisiún Meitéareolaíochta Chill Chainnigh:

Teocht Aeir is Airde 31.5 céim Celsius ar an 29 Meitheamh 1976
Teocht Aeir is Ísle -14.1 céim Celsius ar an 2 Eanáir 1979
Teocht is Ísle ar Talamh -18.1 céim Celsius ar an 12 Eanáir 1982

Ba ag Caisleán Chill Chainnigh a taifeadadh an teocht aeir is airde riamh in Éirinn (33.3 céim Celsius) ar an  26 Meitheamh 1887.
B’ionann an t-uasmhéid báistí in aon lá amháin agus 66.4 mm, ar an 17 Iúil 1983 ag stáisiún Chill Chainnigh.
Ba é 77 muirmhíle luas an tséideáin ghaoithe ba mhó (ag teacht aniar aneas .i. 200 céim), agus taifeadadh seo ar an 12 Eanáir 1974.
B’ionann an t-uasfhad gréine in aon lá amháin agus 16.3 uair ar an 18 Meitheamh 1978.
Ba é Lúnasa 1995 an mhí ba theo agus ba ghrianmhaire ar taifead i gCill Chainnigh le 274.9 uair de thaitneamh na gréine agus teochtaí arda tríd síos. 30.8 céim Celsius an teocht ab airde a taifeadadh, a tharla  ar an  2 Lúnasa1995.

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO