| Stáisiúin Bhreathnadóireachta Aimsire

CLÁR
CHLAINNE MHUIRIS
Nuair
a bunaíodh Seirbhís Meitéareolaíochta na
hÉireann sa bhliain 1936, bhí Clár Chlainne Mhuiris
ar cheann de na háiteanna a roghnaíodh le haghaidh stáisiún
intíre. An chúis a bhí le stáisiún
a chur anseo ná go raibh Clár Chlainne Mhuiris suite i
lár Chonnacht, is ann a bhí an malartán teileafóin
is mó sa tír, maille le gabhail mhór iarnróid
le traenacha gach lá agus seirbhís poist chuig Baile Átha
Cliath.
Sa bhliain 1942, ceannaíodh píosa talún ó theaghlach áitiúil,
Teaghlach Mhac an Bheatha. Ba chosúil go raibh sé ina pholasaí ag
an Roinn agus ag Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann
le linn na tréimhse sin daoine áitiúla a fhostú,
polasaí a lean ar feadh tréimhse fhada sna stáisiúin
intíre. Tairgeadh conradh do mhuintir Mhac an Bheatha leis an stáisiún
a rith agus ghlac siad leis an tairiscint.
Tháinig
ionadaí ó Sheirbhís Meitéareolaíochta
na hÉireann chun triúr den teaghlach a oiliúint
le breathnadóireacht a dhéanamh agus ionstraimí riachtanacha
a chothabháil. Lean an traenáil seo ar feadh tuairim is
trí seachtaine agus d’oscail an stáisiún
ar an 13 Samhain 1943.
D’oibrigh an triúr ar a seal gach
12 uair - 0400Z go 1600Z agus 1600Z go 0400Z, agus ghlac siad breathnadóireachtaí gach
trí huaire
- 0400Z, 0700Z, 1000Z, a cuireadh in iúl do Bhaile Átha Cliath
ar an teileafón. Seoladh na cairteacha agus na foirmeacha (7441 srl.)
chuig an gCeanncheathrú gach cúpla lá. Coinníodh
an córas seo ar feadh sé bliana nó mar sin.
Maidir leis an gcogadh, tá foirmeacha tuairiscíochta aimsire F7441
fós i gClár Chlainne Mhuiris don tréimhse nuair a rinneadh
ionradh ar an bhFrainc, a dhearbhaíonn go raibh feabhas ag teacht ar an
aimsir sa chuid eile d’Éirinn agus go raibh ardbhrú ag teacht
an treo in ionad an lagbhrú a bhí ann. Seo a leanas na sonraí ar
an bhfoirm F7441: 4 Meitheamh 1944. 1300Z. Gaoth 210 17msu, séideáin
42msu, báisteach leanúnach, 999mbs. 6 Meitheamh 1944 1300Z, (D-Day);
gaoth ;290 20msu, sealanna d’aimsir ghlan, brú; 1014mbs agus é ag
ardú.
Is de bharr go raibh feabhas ag teacht ar an aimsir, le tuairiscí ó Theach
Solais an Fhóid Dhuibh, agus is dócha, ó Chlár Chlainne
Mhuiris, go ndeachthas ar aghaidh leis an ionradh ar an bhFrainc ar an 6 Meitheamh
1944. Beidh cuimhne mhaith ag daoine ar an saineolaí aimsire sa scannán "The
Longest Day" agus an t-eolas seo á thabhairt aige don Ghinearál
Eisenhower agus do na Leas-Chinn Foirne. Ag staid éigin sa bhliain 1949,
cinneadh go raibh gá ag Seirbhís Meitéareolaíochta
na hÉireann le breathnadóireachtaí gach uair an chloig ó na
stáisiúin intíre amhail Clár Chlainne Mhuiris. Cinneadh
daoine a fhostú ar bhonn lánaimseartha buan sa stáisiún.
Sa
bhliain 1996, dúnadh stáisiún Chlár Chlaine
Mhuiris agus athlonnaíodh an fhoireann go hAerfort Chnoc Mhuire.
Sna nóchaidí luatha, suiteáladh córas nua
ríomhairithe uathoibríoch aimsire (CUA) agus íoslódáladh
na sonraí uaidh seo chuig an bpriomhríomhaire sa Cheanncheathrú.
Reáchtáladh é seo i gcomhar leis an tuairisciú a
rinne daoine de láimh ar feadh roinnt blianta agus tá an
CUA CAMOS anois ag feidhmiú in Oifig Meitéareolaíochta
Chlár Chlainne Mhuiris .
I measc na dtosca aimsire ba shuntasaí i gClár Chlainne Mhuiris
bhí an sneachta sa bhliain 1947. (Is cuimhin le Roibeárd
Mac an Bheatha treabhadh trí sé throigh sneachta chun teacht
ar an stáisiún), Hairicín Debbie 1961, oícheanta
stoirme eile amhail oíche an 27 Eanáir 1974 nuair a taifeadadh
séideáin ghaoithe de 96 muirmhíle a bhain sclátaí agus
a d’fhág iad scaipthe ar fud na sráideanna.
|