|
Weatherdial

Is féidir formhór na bhfiosrúchán ginearálta
a fháil trí WEATHERDIAL, an tSeirbhís Aimsire Ardráta,
atá ar fáil ar an bhfón nó trí fhacs.
Is féidir réamhaisnéisí a chlos do na ceithre
chúige, do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus d’uiscí cósta
na hÉireann agus do Mhuir Éireann ach glaoch ar na huimhreacha
seo a leanas:
Mumhan
1550 123 850 |
Ulaidh
1550 123 853 |
Laighean
1550 123 851 |
Connacht
1550 123 852 |
Baile Átha Cliath
1550 123 854 |
Limistéar na Farraige
1550 123 855 |
Cosnaíonn glaonna €0.97 sa nóiméad
Facs Weatherdial
Tá réamhaisnéisí i dtéacs, cairteacha iseabar,
meiteograim, táirgí clíomeolaíochta agus eitlíochta
ar fáil ó Met Éireann anois agus is féidir iad a
sheoladh díreach chuig do mheaisín facs trí FHACS WEATHERDIAL.
Tá leathanaigh chabhrach ann chomh maith.
Weatherdial
Fax PRODUCT LIST [PDF]
Cad atá ag teastáil?
• Meaisín Facs
• Sás láimhe tóndialaithe (i gcás roinnt meaisíní facs
ceadóidh siad diailiú ó eochaircheap)
• Rochtain teileafóin ar uimhreacha Ardráta
Cad a dhéanann tú?
• Ardaigh an sás láimhe agus diailigh an uimhir 1570 131 838 – níl
aon ghá le cód limistéir, ach má tá tú ag
glaoch trí PABX seans go mbeidh gá 9 a diailiú (de ghnáth)
chun uimhir sheachtrach a fháil.
• A luaithe is a fhreagraítear do ghlaoch, cloisfidh tú guth
ag iarraidh ort an Cód Táirge a chur isteach (tá a chód
féin ag gach táirge). Má tá tú ag baint úsáide
as an tseirbhís seo den chéad uair, cuir isteach an Cód
Táirge * 0000 (príomh-roghchlár) nó Cód Táirge
0400 (roghchlár do tháirgí eitlíochta). Iarrfar ort é seo
a ‘dhearbhú’ (ach uimhir 1 a bhrú) nó a ‘athiontráil’ (ach
uimhir 2 a bhrú). Ansin iarrfar ort an cnaipe ‘start’ a bhrú ar
do mheaisín facs agus gan rómhoill tosóidh leathanaigh le
roghchlár á gcló amach ón meaisín facs agat
le liosta cuimsitheach de tháirgí agus de chóid.
• Breathnaigh ar an liosta agus beartaigh cén táirge atá uait,
téigh tríd an ngnáthamh arís, ag cur isteach an chóid
táirge chuí.
• Is féidir níos mó ná táirge amháin
a roghnú; ní gá ach na noda a thugann an guth ar an teileafón
duit a leanúint agus breac síos an cód ar leith
a thugtar duit do do rogha.
Cad a chosnaíonn sé?
• Cosnaíonn glaonna ar FACS WEATHERDIAL €01.78 sa nóiméad
(CBL san áireamh).
Is é iTouch, Páirc Ghnó Citywest, Co. Átha
Cliath an soláthraí seirbhíse.
Teil: 01-411 2021.
An féidir le gach duine rochtain a fháil ar FACS WEATHERDIAL?
• Faoi láthair níl an tseirbhís seo ar fáil
ach do dhaoine a ghlaonn ó laistigh de Phoblacht na hÉireann.
*Cóid shamplacha: Pleanálaí Farraige thoir 0041, Téacs
Limistéar na Mumhan 0001,
Meteogram Chorcaí 0053, Téacs Mhórcheantar Bhaile Átha
Cliath 0005, Téacs Limistéar Laighean 0002,
Seirbhís teileafóin amháin: 1550 123 + 850 (Mumhan), 851
(Laighean), 852 (Connacht), 853 (Ulaidh), 854 (Mórcheantar Baile Átha
Claith) nó 855 (Limistéar na Farraige).
|