Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Tuesday, 12 December 2017
  
FAIR
0 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Réadlann Dhairbhre - Granradaíocht

 

Réadlann Dhairbhre

Granradaíocht
Tugtar grianradaíocht ar an bhfuinneamh a thagann ón ngrian i bhfoirm radaíocht leictreamaighnéadach ultravialaite, infheicthe, infridhearg. Tá an cineál seo radaíochta á thomhas ag Met Éireann ó bhí 1954 ann tráth ar suiteáladh an chéad phireanaiméadar ag Réadlann Dhairbhre. Faoi láthair, déantar breathnóireachtaí grianradaíochta ag seacht gcinn de stáisiúin mheitéareolaíochta agus ag roinnt Ollscoileanna agus institiúidí taighde eile. Tá sonraí ar fáil ó bhunachar sonraí aeráide Met Éireann, atá lonnaithe i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Cén fáth a ndéantar Grianradaíocht a thomhas?
Déanann Met Éireann grianradaíocht a thomhas mar chuid dá chlár breathnóidreachta, clár a chuimsíonn an iliomad gnéithe éagsúla, agus déantar na sonraí a chur sa bhunachar clíomeolaíochta. Baintear leas as na torthaí sin san agraimeitéareolaíocht sa mhéid go bhfuil dlúthbhaint ag fás plandaí, aibiú, tosca triomúcháin agus barra-thorthúlacht leis an méid fuinnimh ón ngrian. Cuirtear torthaí faoin ngrianradaíocht ar fáil d’úsáideoirí a bhfuil suim acu staidéar a dhéanamh ar an gcomhghaol atá ann idir grianradaíocht agus nithe amhail fás plandaí, algaí agus planctón; éifeachtacht na mbailitheoirí fuinnimh; griantéamh; agus taighde ar thomhas agus anailís na grianradaíochta.

Solar Radiation spectrum Cur síos achomhair ar a bhfuil i gceist le Grianradaíocht
Mar a luadh thuas, is téarma é grianradaíocht a chuireann síos ar an radaíocht infheicthe nó neas-infheicthe (ultravialait agus neas-infridhearg) a astaítear ón ngrian. Cuirtear síos ar réigiúin éagsúla den ghrianspeictream trí úsáid a bhaint as raon na dtonnfhad laistigh den raon leathan de 0.20 go 4.0 µm (miocrón). I dTábla 1 thíos tá cur síos ar chomhchodanna na grianradaíochta agus na radaíochta domhanda, chomh maith le raon a dtonnfhad:

Tábla 1  
Ultraivialait
0.20 - 0.39µ
Infheicthe 0.39 - 0.78µ
Neas-infridhearg 0.78 - 4.00µ
Infridhearg
4.00 - 100.00µ

Súitear isteach san atmaisféar an ghrianradaíocht le tonnfhaid níos mó ná 3.0µm (tuairim is 2% den fhuinneamh iomlán a shroicheann an domhan). Déantar radaíocht ó fhoinsí eile, a bhfuil tonnfhaid níos faide acu (tonnta infridhearga agus radathonnta) a tharchur tríd an ‘bhfuinneog atmaisféarach’. Déanann galuisce agus CO2 roinnt radaíochta atá sa réigiún infridhearg a ionsú chomh maith agus déanann ózón formhór na radaíochta ultraivialaite a shú isteach.

Lasmuigh d’atmaisféar an domhain, tá déine tuairim is 1370 vata/méadar 2 ag grianradaíocht. Is é sin an luach ag an meánfhad idir an domhan agus an ghrian ag barr an atmaisféir agus tugtar an griantairiseach air. Bíonn infhaighteacht fuinnimh ar an dromchla ag brath ar an suíomh (domhanleithead agus airde san áireamh), ar an séasúr, agus ar an am, agus is féidir gach ceann díobhsan a thomhas go héasca. Cibé scéal é, na fachtóirí is mó a théann i bhfeidhm ar an méid fuinnimh atá ar fáil ná an brat scamall agus tosca meitéareolaíochta eile, agus bíonn siadsan ag brath ar an suíomh agus ar an am. In Éirinn, ar an dromchla ar lá glé glan, ag meán lae, beidh an radaíocht a thiocfaidh ó léas díreach gréine ag tuairim is 940 vata/méadar 2 i roinnt mhaith suíomhanna.
 
Grianradaíocht/radaíocht dhomhanda a Thomhas
I dTábla 2 thíos tá achoimre ar na tomhais de ghrianradaíocht agus de radaíocht dhomhanda a rinne Met Éireann:

Tábla 2  
Cineál Tomhais Cur Síos
Grianradaíocht Dhíreach Grianradaíocht le gnáthmhinicíocht i léas díreach ón ngrian
Grianradaíocht Réscaipthe Radaíocht scaipthe ar an dromchla cothrománach
Grianradaíocht Dhomhanda Suim na léasacha díreacha móide an chomhchuid réscaipthe ar an dromchla cothrománach
Radaíocht Infridhearg Radaíocht infridhearg dhomhanda astaithe ag an spéir ar dhromchla an Domhain
Glandifríocht Radaíochta Comh-ghrianradaíocht anuas agus fuinneamh infridhearg lúide grianradaíocht aníos agus radaíocht dhomhanda
Moirtiúlacht Tomhas de mhéid an réscaipthe san atmaisféar

Pyranometer Pyranometer Pyheliometer

Pireanaiméadar
Is é seo an braiteoir is coitianta a úsáidtear chun radaíocht Dhomhanda nó réscaipthe a thomhas. Is éard atá ann ná teirmeacharn comhdhéanta de shraitheanna de theirmeachúplaí a bhfuil cumair ailtéarnacha ‘theo’ agus ‘fhuara’ acu. Bíonn teagmháil idir na cumair ‘theo’ agus dromchla ionsúiteach ‘dubh’ a bhfuil toilleadh íseal teirmeach aige. Bíonn teagmháil idir na cumair ‘fhuara’ agus ábhar a bhfuil toilleadh sách ard teirmeach aige ag an teocht chomhthimpeallach. I gcás go dtiteann grianradaíocht ar an dromchla ‘dubh’ ionsúiteach déantar an radaíocht ionsaitheach go léir nach mór a shú isteach. Mar thoradh air seo, ardaíonn an teocht ag an gcumar ‘te’i gcomhréir le déine na radaíochta. Gineann an teirmeachúpla ansin voltas atá i gcomhréir leis an difríocht teochta idir na cumair ‘theo’ agus ‘fhuara’. Déantar an voltas sin a aschuirtear a thiontú chuig Vata/méadar2 trí úsáid a bhaint as fachtóir íogaireachta (arb iad µV/(V/m2) a aonaid tomhais) ar féidir iad a mheas trí chalabrú an bhraiteora ag úsáid lampaí caighdeánacha i dtosca rialaithe.

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO