| Réadlann Dhairbhre

Suíomh:
51° 56' 23"N
10° 14'40"W
25M os cionn leibhéal na farraige
Is
cuid de Met Éireann, Seirbhís Meitéareolaíochta
na hÉireann, í Réadlann Dhairbhre. Tá sí suite
ciliméadair amháin ó Chathair Saidhbhín, ar
inbhear abhainn Feartha. Déanann an Réadlann tomhais mheitéareolaíochta
aimsire dhromchla agus aeir íochtaraigh, chomh maith le raon gníomhaíochtaí eolaíochta
eile – ina measc monatóireacht ózóin, geomaighnéadaigh,
seismeolaíocht, radaíocht na gréine agus monatóireacht
ar an gcomhshaol. Tugtar Réadlann Dhairbhre
ar an réadlann mar gurbh ar Oileán Dhairbhre a bunaíodh í.
Téann
gaol an oileáin le meitéareolaíocht siar chomh fada
leis an mbliain 1860, nuair a rinne an tAimiréal FitzRoy, a bhí i
gceannas an Choiste Mheitéareolaíochta (na Breataine) de
chuid an Bhoird Trádála, socruithe go seolfaí breathnadóireachtaí meitéareolaíochta
rialta, trí mheán teileagraif, ó 15 stáisiún
ar talamh sa Bhreatain agus in Éirinn. Roghnaíodh Dairbhre
le bheith ar cheann de na stáisiúin sin mar go raibh nasc
teileagrafach ag an oileán le Londain chun seirbhísiú a
dhéanamh ar an gcábla trasatlantach. Aithníodh láithreach
bonn an tábhacht a bhain le Dairbhre mar shuíomh le breathnadóireachtaí meitéareolaíochta
a dhéanamh, agus é suite i gconair na gcóras aimsire
ag teacht isteach ón Atlantach. Sa bhliain 1865 bheartaigh rialtas
na Breataine réadlanna a bhunú ina raibh ionstraimí féintomhaiste,
ag seacht suíomh, Dairbhre san áireamh. Bhí na
sé cinn eile sna forais eolaíochta seo a leanas: Réadlann
Kew, Institiúid Pholaiteicnic Falmouth, Coláiste Stonyhurst,
Réadlann Ard Mhacha, an Réadlann ag Ollscoil Ghlaschú,
agus an Réadlann ag Ollscoil Aberdeen. Chuir an Coiste
Meitéareolaíochta Réadlann Dhairbhre ar bun, is
iad a chuir maoiniú agus foireann ar fáil di freisin.
Bunaíodh an Réadlann i dteach a bhí ar cíos ó Ridire
Chiarraí ag Ionad Ioncaim Oileán Dhairbhre i mí Lúnasa
1868.
Ar
na hionstraimí taifeadúcháin a suiteáladh
bhí Baragraf agus Teirmeagraf Fótagrafach Adie agus Ainéamagraf
Robinson Beckley. Cuireadh Taifeadán Báistí Beckley
ar fáil don Réadlann sa bhliain 1869 agus Taifeadán
Gréine Campbell-Stokes sa bhliain 1879. Tá na hionstraimí seo
ar taispeáint in iarsmalann na Réadlainne. Lean an Réadlann
ag feidhmiú ar an oileán go dtí mí an Mhárta
1892, agus ansin aistríodh í chuig an suíomh ina
bhfuil sí faoi láthair.
Tugadh Teach Westwood ar phríomhfhoirgneamh
na Réadlainne agus
thóg an Captaen Needham é sa bhliain 1866. Ba é Needham
ionadaí áitiúil Choláiste na Tríonóide,
Baile Átha Cliath, sa cheantar agus bhí sealúchais mhóra
talún ag an gColáiste sa limistéar seo. Lean Oifig
Meitéareolaíochta na Breataine ag soláthar foirne don Réadlann
go dtí mí na Nollag 1936 nuair a cuireadh Seirbhís Meitéareolaíochta
na hÉireann ar bun.
Reáchtáil Oifig Meitéareolaíochta na Breataine an
Réadlann do Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann
ar bhonn gníomhaireachta go dtí deireadh mhí Mheán
Fómhair 1937, nuair a oileadh foireann don tseirbhís nua. Aistríodh
roinnt mhaith den fhoireann a bhí fostaithe ag Oifig Meitéareolaíochta
an Breataine chuig Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann.
Ó cuireadh
ar bun Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann,
cuireadh go mór le clár oibre na Réadlainne agus bhíodh
an Réadlann i gcónaí trealmhaithe leis an trealamh agus
an ionstraimíocht is nuálaí ó thaobh na teicneolaíochta
de. Tá clú agus cáil ar an Réadlann i measc an
phobail eolaíochta. Ní hé amháin go gcomhlíonann
an Réadlann a ról náisiúnta agus idirnáisiúnta
laistigh de Met Éireann ach tá sí i mbun tionscadal le
forais eolaíochta eile in Éirinn agus thar lear.
Cuireadh deireadh le breathnadóireacht láimhe ag an stáisiún aimsire i Réadlann Dhairbhre ar an 1ú Aibreán 2012. Tá stáisiún uathoibríoch lonnaithe san ionad céanna ón 2ú Aibreán 2012
|