|
|
Stair Met Éireann
Ar feadh blianta fada tar éis d’Éirinn a neamhspleáchas a bhaint amach, ba í Oifig Meitéareolaíochta na Breataine, ó thaobh cúrsaí aimsire de, a d’fhreastail ar riachtanais na hÉireann. Faoi lár na 1930dí, ámh, ba léir go raibh custaiméir suimiúil nua ar an mbealach. Is a bhuíochas leis an ngá eolas aimsire a sholáthar don eitlíocht thrasatlantach a cuireadh ar bun, go foirmiúil, Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann sa bhliain 1936. Ceapadh an chéad Stiúrthóir, Austen H. Nagle, i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, agus d’imigh sé i mbun oibre in oifigí beag ar Shráid San Aidrias i mBaile Átha Cliath, a bhí ar an gcéad Cheanncheathrú ag an tSeirbhís nua. I mí Aibreáin 1937, ghlac an tseirbhís nua uirthi féin na freagrachtaí riaracháin a bhíodh ar na hÚdaráis sa Bhreatain: ina measc bhí 4 stáisiún theileagrafacha (ag Cionn Mhálanna, Rinn an Fhóid Dhuibh, Rinn an Róistigh agus Biorra), 18 stáisiún clíomeolaíochta, 172 stáisiún báistí, agus Réadlann Dhairbhre, a bhí ar an aon stáisiún amháin ag an uair a raibh pearsanra fostaithe ann go hoifigiúil.
Ar dtús, bhí cabhair á fháil ag an tSeirbhís nua ó na hÚdaráis sa Bhreatain. An sórt cúnaimh a bhí i gceist leis seo ná baill foirne a bhí ar iasacht ó Londain le hobair i bhFaing, Co. Luimnigh, áit ar thosaigh báid eitilte ag feidhmiú díreach roimhe sin. Ina measc bhí roinnt daoine a bhí le cáil idirnáisiúnta a bhaint amach ina dhiaidh sin; Hubert Lamb, an clíomeolaí agus Arthur Davies, Ard-Rúnaí na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta ar feadh 30 bliain. Faoin mbliain 1841, ámh, bhí earcaithe na seirbhíse féin lánoilte, agus bhí an eagraíocht in ann freastal ar na héilimh a bhí uirthi eolas a sholáthar ag baint úsáide as a hacmhainní féin. Sna blianta tosaigh dhírigh an obair i bhFaing agus in Aerfoirt na Sionainne agus Bhaile Átha Cliath, ar réamhaisnéis a sholáthar don eitlíocht. Faoi na 1940dí déanacha, ámh, chuir an tSeirbhís lena gníomhaíochtaí. Sa bhliain 1948, den chéad uair, ghlac an tSeirbhís uirthi an fhreagracht as réamhaisnéisí aimsire a sholáthar a chraol Raidió Éireann, a cuireadh ar fáil ó Londain sa tréimhse eatramhach. Sa bhliain 1952 thosaigh sí ag soláthar réamhaisnéisí do nuachtáin laethúla agus sa bhliain 1961 osclaíodh an Lároifig nua Anailíse agus Réamhaisnéise ag an gCeanncheathrú, atá anois ag 44 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath. Thosaigh réamhaisnéiseoirí Met Éireann ag craoladh beo ar Theilifís Éireann go luath sa bhliain 1962.
Idir an dá linn, thairg an tSeirbhís raon níos mó eolais réamhaisnéise agus chlíomeolaíochta don phobal agus do dhreamanna sainleasa. Ar na forbairtí suntasacha cuireadh tús le réamhaisnéisí taifeadta ar an teileafón sna 1960dí, réamhtheachtaí Weatherdial atá ann anois. Tosaíodh ag fáil íomhánna satailíte sna 1960dí déanacha ag Aerfort na Sionainne agus sna 1970dí, d’fheadfaí a rá go raibh an tSeirbhís Meitéareolaíochta tar éis teacht in inmhe nuair a cuireadh tús le ré na ríomhaireachta. Ar dtús báire, cuireadh na meaisíní seo i bhfeidhm don chumarsáid, ach ní fada go raibh ríomhairí in úsáid don réamhaisnéis uimhriúil aimsire – teicníc cuíosach nua. Le linn a saolré, bhí ról nach beag ag an tSeirbhís Meitéareolaíochta agus a foireann i bhforbairt na meitéareolaíochta ar bhonn idirnáisiúnta. Rinneadh ball iomlán d’Éirinn den Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta sna 1950dí luatha agus ina dhiaidh sin bhunaigh Éire an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraon agus an Eagraíocht Eorpach Satailítí Meitéareolaíochta, EUMETSAT. Le gairid, bhí an tSeirbhís páirteach i gcruthú gníomhaireachtaí comhoibritheacha amhail EUMETNET agus ECOMET. Ar cheann de na nithe a chuidigh go mór leis an eagraíocht bhí a ballraíocht ó 1989 i leith le HIRLAM, comhfhiontar idir na tíortha Lochlannacha agus roinnt Seirbhísí Meitéareolaíochta Eorpacha eile d’fhonn forbairt a dhéanamh ar shamhail uimhriúil do réamhaisnéisí gearr-raoin.
Ó na 1990dí i leith, thug an eagraíocht faoi chur chuige níos tráchtála i leith sholáthar a seirbhísí dá custaiméirí, díreach mar a rinne a macasamhail i bhformhór na dtíortha Eorpacha eile, d’fhonn cur lena hioncam agus ar an gcaoi sin an t-ualach airgeadais a laghdú ar an gcáiníocóir. Cé go bhfuil an fheasacht tráchtála seo ann, ámh, tá an tSeirbhís fós tiomanta dá ról seirbhíse poiblí i réimsí ar bhraith sí go raibh gá leis sin. Ar na réimsí is suntasaí tá tabhairt isteach na Rabhadh i leith Aimsir Ghéar agus comhoibriú sa mhonatóireacht ar an ózón strataisféarach agus trófaisféarach. I mí an Mhárta 1996, comóradh 60 bliain na Seirbhíse Meitéareolaíochta, d’athraigh sí a hainm chuig Met Éireann, agus é mar aidhm aici sainaitheantas corparáideach láidir a chruthú ag díriú ar an bpobal. Tá Met Éireann ullamh agus dóchasach i leith na ndúshlán atá roimhe, agus é mórálach as a thaifead seirbhíse poiblí, a fhorbairt ar bhonneagar náisiúnta meitéareolaíochta agus an méid atá déanta ag an eagraíocht ar son eolaíocht na meitéareolaíochta. Stiúrthóirí Met Éireann, 1936-faoi láthair |
Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247 © Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice. |
|