Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Tuesday, 12 December 2017
  
RECENT RAIN
5 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Rannóga Met Éireann - An Rannóg Clíomeolaíochta agus Breathnadóireachtaí

 

Rannóga Met Éireann
An Rannóg Clíomeolaíochta agus Breathnadóireachtaí



Tá an fhreagracht theicniúil ar an Rannóg seo as gnáthbhreathnadóireacht ag na stáisiúin shionoptacha agus déanann bainistiú ar na líonraí ‘Aeráide’ agus ‘Báistí’. Déileálann an Rannóg Clíomeolaíochta agus Breathnadóireachtaí le rialú cháilíocht na sonraí, le hionchur sonraí, le cóid, srl. Déileálann an Rannóg Fiosrúcháin le hiarratais ó lá go lá ar eolas clíomeolaíochta.  

Déanann an Rannóg fós déileáil le hiarratais ar thuarascálacha maidir le gnéithe meitéareolaíochta a bhaineann le cúrsaí árachais nó dlí agus cuireann finné saineolach ar fáil d’éisteachtaí cúirte. Oibríonn foireann ardcháilithe ar fud na hÉireann d’fhonn na sonraí aimsire is déanaí agus is beaichte a thiomsú, a phróiseáil agus a chur ar fáil.

Tá sonraí meitéareolaíochta ar fáil i bhformáid éagsúla, ag brath ar riachtanais an chustaiméara; tá tuarascálacha scríofa ar fáil i gcomhair cúrsaí dlí agus árachais.

Cuireann an Rannóg seo foilseacháin éagsúla eile ar fáil, amhail Feasacháin Aimsire Mhíosúla. Sna Feasacháin seo tá cur síos achomair ar aimsir na míosa mar theaglaim de ghraif, de tháblaí agus de théacs, agus uaireanta luaitear sainábhar.

Ceann na Rannóige: Séamus Walsh


 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO