Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Wednesday, 16 May 2012
  
CLOUDY
10 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Met Eireann Divisions - Riarachán agus Oiliúint  

 

Rannóga Met Éireann


Riarachán agus Oiliúint  
Tá an Rannóg seo freagrach as cúrsaí airgeadais, buiséid, pearsanra, cóiríochta, soláthairtí agus nithe eile dá leithéid. Cuireann sí seirbhísí rúnaíochta, malartán teileafóin, oifig fáilte agus seirbhísí eile ar fáil don Cheanncheathrú. Déanann sí maoirseacht riaracháin ar an líonra breathnadóireachta sionoptach agus déanann monatóireacht ar shocruithe uainchláir ag na stáisiúin mhóra, chomh maith le hidirchaidreamh a dhéanamh leis na Rannóga Pearsanra agus Airgeadais sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá an fhreagracht riaracháin ar an Rannóg seo chomh maith as feidhmeanna oiliúna na Seirbhíse. Sa ról seo féachann an rannóg le fáil amach cad iad riachtanais oiliúna na foirne agus pleanáil dá gcomhlíonadh. D’fhonn freastal ar na riachtanais seo, tá ar an Rannóg idirchaidreamh a dhéanamh le hAeradróm Mhic Easmainn, agus le Rannóga eile agus leis an Aonad Eagrúcháin agus Forbartha sa Roinn.
Mar chuid den fheidhm seo freisin bíonn ar an Rannóg idirchaidreamh a dhéanamh le Ranna Rialtais eile agus le hEagraíochtaí idirnáisiúnta.

Joseph Bourke, Ceann na Rannóige  

 

MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services

Site Design and Development by FUSIO