|
Eolas Fúinn

Tá Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta
Meitéareolaíochta na hÉireann, ina chuid den Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá sé ar
an bpríomhsholáthróir a chuireann eolas faoin
aimsir agus faoi sheirbhísí bainteacha ar fáil
d’Éirinn.
Ár Ráiteas Misin
An misean atá againn ná breathnú, miondealú agus
fáistiniú a
dhéanamh ar aimsir agus ar aeráid na hÉireann, agus raon
seirbhísí meitéareolaíochta agus eolas gaolmhar den
scoth a
sholáthar dár gcustaiméirí. Is é atá is
gceist sa Ráiteas Misin ná go ndéanfaimid, mar Sheirbhís
Meitéareolaíochta, na nithe seo a leanas:
- ár ndícheall a chinntiú go ndéantar
saol agus maoin an phobail a chosaint trí
réamhaisnéis aimsire agus rabhaidh thráthúla
a eisiúint
- oibriú go héifeachtach ar mhaithe le rathúnas náisiúnta
agus le cuspóirí an Rialtais
trí sheirbhísí meitéareolaíochta cuí a
sholáthar do gach earnáil
- dualgais an Stáit a chomhlíonadh maidir le seirbhísí meitéareolaíochta
a sholáthar
don earnáil eitlíochta
- sástacht an chustaiméara a chinntiú trí anailís
chúramach a dhéanamh ar aiseolas
ón úsáideoir deiridh, agus trí fheabhas leanúnach
a chur ar raon agus ar
chaighdeán ár seirbhísí, ar chostéifeacht ár
gcuid oibríochtaí agus ar chaighdeán
iomlán na seirbhíse
- timpeallacht oibre ghairmiúil thacúil a chothú d'fhonn
fostaithe atá tiomanta dá
gcuid oibre a mhealladh agus a choinneáil
- a chinntiú go ndéantar bonneagar meitéareolaíochta
costéifeachtach den scoth a
chothú agus feabhas a chur air, ag teacht le ceanglais agus acmhainní náisiúnta
- cur le caighdeán ár gcartlanna clíomeolaíocha
agus rochtain éasca agus
éifeachtach a chur ar fáil ar ár mbunachair shonraí
- páirt a ghlacadh san fhorbairt leanúnach atá ar
bun ar mheitéareolaíocht agus ar a
feidhmeanna, i gcomhar lenár bpáirtithe meitéareolaíochta
Eorpacha agus leis an
bpobal eolaíochta i gcoitinne
- oibriú ar mhaithe leis an monatóireacht éifeachtach
agus leis an dea-bhainistíocht
ar an gcomhshaol nádúrtha
- páirt a ghlacadh, maidir le cúrsaí eolaíochta,
sa díospóireacht ar athrú aeráide
|