Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 11 December 2017
  
FINE
1 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Eolas Fúinn - Rannóga Met Éireann - Seirbhísí Eitlíochta

 

Rannóga Met Éireann
Seirbhísí Eitlíochta



Ar cheann de na tascanna is tábhachtaí atá ag Met Éireann tá freastal ar riachtanais eitlíochta faoi rialacháin ICAO. Cuirtear méid suntasach dár n-acmhainní ar fáil don tasc seo, agus déantar suim chomhfhreagrach dár mbuiséad a chúiteamh ar bhonn gnóthaithe costas trí mheán na muirear ar na bealaí eitilte.

Is é tasc na Rannóige ná raon leathan d’áiseanna meitéareolaíochta sibhialta, míleata agus eitlíocht ghinearálta a sholáthar. Tá an Rannóg Seirbhísí Eitlíochta déanta suas den Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne, maille leis na hoifigí meitéareolaíochta ag Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Aeradróm Mhic Easmainn. Eisíonn an Rannóg réamhaisnéisí (Réamhaisnéisí Críochfoirt agus Réamhaisnéisí Limistéir Áitiúil) d’aerfoirt éagsúla agus d’aerpháirceanna níos lú ar fud na tíre chomh maith le rabhaidh áitiúla, rabhaidh  (Sigmets) do Réigiún Eolais Eitilte na hÉireann (FIR), doiciméadúchán faoi bhealach agus faisnéisiú.

Cuirtear Seirbhísí Meitéareolaíochta ar fáil do na Fórsaí Cosanta agus cuirtear oiliúint mheitéareolaíochta ar fáil ag Aeradróm Mhic Easmainn.

Tony Tighe, Ceann na Seirbhísí Eitlíochta


 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO